Léamhthuiscint -Seal i Munchen
Páipéar 1 / ROINN 11
Léamhthuiscint (40 marc)
Ceist 3 / Sliocht (20m)
Léigh an píosa iriseoireachta seo (bunaithe ar ailt nuachtáin) agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Seal i Munchen
1. Bhí sé ag éirí déanach sa lá nuair a shroicheamar Munich. Ba é an chéad rud a rinneamar ná dul ag cuardach lóistín i gcomhair na hoíche. Bhíomar ag imeacht timpeall ó bhrú go brú, ag fiafraí na bpraghasanna agus ag déanamh comparáide eatarthu. Go deimhin níorbh fhiú an méid a bhí le fáil againn don airgead. Ní raibh le déanamh ach beagáinín eile a chur leis an airgead agus bheadh seomra breá compordach againn in óstán éigin. Ar deireadh fuaireamar lóistín in óstán nár fhéach ródhéanta suas ón dtaobh amuigh ach a bhí an-réasúnta laistigh. Anuas air sin fuaireamar é ar tháille nach raibh ró-dhaor agus bhí na seomraí glan agus compordach.
2. Cathair mhór go maith a bhí inti seo, ach ar shlí bhraitheamar nach raibh an t-atmaisféar rómhaith inti. Ní raibh an scléip agus an gliondar céanna le fáil ann agus a bhí i gcathracha eile, ach ag an am céanna bhí na daoine sibhialta go leor. Is amhlaidh a bhíodh athas orthu cabhrú linn, an méid acu a n-iarramar cabhair orthu ach go háirithe.
3. Ceann de na laethanta chuaigh mé féin agus Síle ag siopadóireacht. Toisc go raibh na siopaí go léir millteach mór, chaithimis gan dul ró-fhada ó chéile aon uair, mar dá rachaimis bheadh seans ann nach bhfeicfimis a chéile go deo arís. An la seo ach go háirithe chuamar isteach i siopa. Bhí sé ar intinn againn lear maith rudaí a cheannach, agus bhí fhios againn nach mbeimis ach ag cur ama amú a bheith i ndiaidh a chéile aniar ag ceannach gach rud. Shocraíomar ar scaradh ó chéile ar feadh leathuair an chloig agus ina dhiaidh sin go mbuailfimis le chéile ag an bpríomhfhoras. Mar sin a bhí. Bhailigh mé liom.
4. Ní gá dom a rá, ach nuair a tháinig mé go dtí an príomhdhoras ní raibh aon radharc ar Shíle. Bhí an t-ádh liom go raibh ainm an óstáin ar eolas agam agus go raibh Béarla maith ag formhór na ndaoine a casadh orm. Tar éis an imní ar fad, fuair mé an t-óstán ar deireadh thiar thall, ach ní raibh mo chara ann romham. Ní raibh tuairim agam ó thalamh an domhain cá raibh sí imithe.
5. Geallaim duit go raibh tinneas ag teacht im’ bholgsa nuair nach raibh sí féin tagtha i gcomhair suipéir. An-Chríostaí is ea mise nuair a tharlaíonn rudaí mar sin. Thosaigh mé ag guí chun gach aon naomh ins na Flaithis go dtiocfadh Síle abhaile abhaile slán chugam. Díreach nuair a bhí mé chun bailiú liom á cuardach, bhuail sí chugam isteach. Bhí áthas an domhain orainn beirt buaileadh lena chéile arís. Bhí sé de chuma uirthi, áfach, go raibh sí tar éis anró éigin a chur di.
Ceisteanna (iad ar cómharc)
1. (a) Cérbh é an chéad rud a rinne siad? (Alt 1)
(b) Pointe amháin eolais faoin lóistín a fuair siad. (Alt 1)
2. (a) Cad chuige gur bhraith siad nach raibh an t-atmaisféar ró-mhaith i
Munich? (Pointe amháin eolais) (Alt 2)
(b) Cén socrú a rinne siad an lá a chuaigh siad ag siopadóireacht?
3. (a) Conas a tharla sé go raibh an t-ádh léi? (Pointe amháin) (Alt 4)
(b) Cá bhfios dúinn gur an-Chríostaí ba ea an t-údar? (Alt 5)
4. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó?
‘Is fearr fanacht in óstán ná i mbrú agus tú i Munich, dar leis an údar.’
Alt 1 ___ Alt 2 ___ Alt 3 ___ Alt 4 ___
5. Cén t-alt sa sliocht a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó?
‘Léiríonn an t-údar dúinn go raibh creideamh láidir aici.’
Alt 1 ___ Alt 2 ___ Alt 3 ___ Alt 4 ___