Léamhthuiscint-Ardleibhéal 2013 le Podchraoltaí
ROINN 11 / LÉAMHTHUISCINT (40 MARC)
Scríobh na freagraí do ROINN 11 ar do fhreagarleabhar.
Ceist 1. Freagair A agus B anseo thíos:
A (20)
Léigh an píosa iriseoireachta seo (bunaithe ar ailt sna nuachtáin) agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.Bíodh na freagraí i d’fhocail féin, chomh fada agus is féidir leat.
Lady Gaga – an Ollphéist Cháiliúil?
1. Muna bhfuil cloiste agat faoi Lady Gaga faoin am seo, tá tú i do chonaí ar phlainéad eile! Bhuel, sin a déarfadh duine óg leat pé ar bith. Rugadh Stefani Germanotta (Lady Gaga) i Nua Eabhrac ar 28 Márta 1986. Chuir sí suim sa cheol ó thus agus d’fhoghlaim sí conas an pianó a sheinm ag aois a cheithre bliana agus ag aois a trí bliana déag bhí sí ina ceoltóir cruthanta, ag seinm ceoil ar an ardán agus ag scríobh a cuid amhrán féin. Agus í ar scoil ghlac sí páirt i gceoldrámaí ar nós Guys and Dolls agus A Funny Thing Happened on the Way to the Forum. Níor thaitin a tréimhse sa mheánscoil léi mar gur bhraith sí nár réitigh sí ró-mhaith le hudaráis na scoile.
2. Thosaigh sí ag freastal ar an ollscoil sa bhliain 2003 agus rinne sí staidéar ar an gceol ansin. Duine an-chruthaitheach ba ea í agus ar an ábhar sin níor mhothaigh sí go raibh dul chun cinn mór á dhéanamh san ollscoil aici ach oiread leis an meánscoil. D’fhág sí an ollscoil roimh dheireadh na bliana agus chuir sí fúithi in árasán beag brocach sa chathair. Ní ró-shásta a bhí a clann léi ach ba chuma le Stefani. Bhí aisling aici agus bhí sé i gceist aici an aisling sin a chomhlíonadh ar ais nó ar éigean.
3. Ag aois a naoi mbliana déag thosaigh sí ag taifeadadh amhrán faoin lipéad RedOne. Bhunaigh sí banna ceoil freisin ach chaill sí a bealach sa saol. Thosaigh sí ag ól agus ag tógáil drugaí agus bhí a hathair an-bhuartha ina taobh. Rinne Rob Fusari, a léiritheoir ceoil, chuile iarracht cuidiú léi agus ba é siúd a bhaist Lady Gaga uirthi. Bhunaigh sé an t-ainm sin ar an amhrán Radio Ga Ga de chuid an bhanna cheoil, Queen. Mar go raibh Stefani an-thógtha le ceol Freddie Mercury agus Queen, bhí sí breá sásta leis an ainm sin agus ó shin i leith is mar Lady Gaga a aithnítear í.
4. Le linn na bliana 2007 bhí comhoibriú ar siúl idir í féin agus an t-ealaíontóir Lady Starlight. Mhúnlaigh Lady Starlight a híomhá stáitse di agus thosaigh an bheirt acu ag déanamh gigeanna le chéile ar fud na cathrach. I Lúnasa 2007 fuair an bheirt acu cuireadh a bheith páirteach sa bhféile cheoil American Lollapalooza. Chuaigh Lady Gaga i bhfeidhm go mór ag an lucht féachana ag an bhféile seo agus bhí a hainm in airde mar thoradh air seo. Taobh istigh de thréimhse ghairid rinne Lady Gaga conradh le Sony/ATV agus bhí sí ar mhuin na muice as sin amach.
5. Bhog Lady Gaga go Los Angeles sa bhliain 2008 agus eisíodh a chéad halbam The Fame ansin. Fuair an t-albam seo léirmheasanna dearfacha ó na léirmheastóirí ceoil agus shroich sé Uimhir a hAon i Sasana, i gCeanada agus in Éirinn. Bhí sé go hard sna cairteacha san Astráil agus sna Stáit Aontaithe chomh maith. Shroich Poker Face, an singil as an albam, Uimhir a hAon i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Bhuaigh The Fame Gradam Grammy an bhliain chéanna. Eisíodh a dara halbam, The Fame Monster, sa bhliain 2009 agus chuaigh sí ar chamchuairt an domhain – The Monster Ball – go gairid ina dhiaidh sin. Anois, cé go bhfuil íomhá aisteach, chonspóideach aici, tá Lady Gaga ar dhuine de mhórcheoltóirí pop agus rince na linne seo agus is íocón domhanda í. **
Ceisteanna (iad ar cómharc)
(i) (a) Cá bhfios dúinn go raibh Lady Gaga ina ceoltóir cruthanta ag aois a trí
bliana déag?
(b) Cad chuige nár thaitin a tréimhse sa mhéanscoil léi?
(ii) (a) Ar thaitin an ollscoil léi? Cén fáth, dar leat?
(b) Cá ndeachaigh sí tar éis na hollscoile?
(iii) (a) Cá bhfios dúinn gur chaill sí a bealach sa saol?
(b) Pointe amháin eolais faoi stair an ainm ‘Lady Gaga’.
(iv) (a) Cén cabhair a thug Lady Starlight di?
(b) Cad a tharla do Lady Gaga i Lúnasa 2007?
(v) Breac síos dhá phointe eolais ón téacs faoi mar ar éirigh lena chéad halbam.