Eitiltí nua idirnáisiúnta ón Iarthar

Eitiltí nua idirnáisiúnta ón Iarthar

Eitiltí nua idirnáisiúnta ón Iarthar

Katie McGreal

D’FHÓGAIR Ryanair an tseachtain seo go mbeadh 4 eitilt idirnáisiúnta nua

acu ó Aerfort an Chnoic. Rachaidh na heitiltí ón gCnoc go Girona, cóngarach

do Barcelona sa Spáinn, go Hahn, cóngarach do Frankfurt sa Ghearmáin, go

Bergamo, cóngarach do Milano san Iodáil agus go Beauvais, cóngarach do

Pháras sa Fhrainc. Cuirfear tús leis na seirbhísí ag deireadh mhí an Mhárta

an bhliain seo chugainn. Beidh 14 eitilt san iomlán ag Ryanair ó Aerfort an Chnoic leis na heitiltí nua seo agus beidh siad ar fáil idir mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair. Beidh dhá nó trí eitilt gach seachtain go dtí na háiteanna seo. Táthar ag súil le 500,000 paisinéir san aerfort an samhradh seo chugainn

agus go gcothóidh sé sin 500 post san aerfort freisin. Deirtear go dtiocfaidh

€23 milliún isteach sa cheantar de bharr na n-eitiltí seo.Ghuigh an tAire Turasóireachta agus Spóirt, Michael Ring gach rath ar Ryanair leis na heitiltí nua seo nuair alabhair sé faoin bhfógairt a rinneadh Dé Luain.

“Is forbairt fhíordhearfach é do thurasóireacht an cheantair,” a dúirt sé.

Ceisteanna
  • Cé mhéad eitilt idirnáisiúnta nua a bheidh ag Ryanair ó Aerfort an Chnoic?
  • Cén uair a chuirfear tús leis na seirbhísí?
  • Cén uair a chuirfear tús leis na heitiltí seo?