Cúrsa Teilifíse sa Ghaeltacht
ROINN 11 – LÉAMHTHUISCINT
Léigh an píosa iriseoireachta seo (bunaithe ar alt sna nuachtáin) agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Cúrsa Teilifíse sa Ghaeltacht
1. Bhí lá mór san ollscoil i nGaillimh ar na mallaibh nuair a bronnadh na Dioplómaí ar an chéad ghrúpa mac léinn a rinne an Dioplóma i Scileanna Teilifíse in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair. Tháinig mic léinn as gach cearn den tír le freastal ar an chúrsa seo agus bhain siad sult agus tairbhe as. Duine acu sin ná Séamas Ó Súilleabháin as Cúil Aodha i gCo. Chorcaí. Tá Séamas ag obair mar eagarthóir le Nemeton anois thíos i bPort Láirge agus tá suim mhór aige ann. “Tá dúil mhór agam sa spórt agus is minic a bhím ag déanamh eagarthóireachta ar chláracha peile. Mar sin de, ní bhíonn deacracht ar bith agam agus mé ag éirí ar maidin ag dul ag obair!”
2. Duine eile a rinne an cúrsa ná Fíona Ní Chléirigh as Gaoth Dobhair. Mar chuid den chúrsa, chuaigh Fíona amach ar thaithí oibre le Telegael agus anois tá post lánaimseartha aici leo. “Tá dúil bhreá agam sa phost seo. Os rud é go raibh trealamh den scoth againn ar an chúrsa, bhí mé ábalta teacht isteach ar an dóigh a n-oibríonn achan (gach) rud san ionad oibre. Tá mé breá ábalta tabhairt faoin eagarthóireacht, grafaicí agus meascadh fuaime anois.”
3. Tá an cúrsa seo ag tosú arís i mí Mheán Fómhair i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus tá an t-Ionad i nGaoth Dobhair ag glacadh le hiarratais anois. Tá líon na n-áiteann ar an gcúrsa teoranta go maith de bharr an éilimh. Is é an spriocdháta ná 30 Meitheamh. Ní bheidh táillí le híoc chun freastal ar an gcúrsa seo agus íocfar liúntas leis na rannpháirtithe achan (gach) seachtain. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch ar an Ionad ag 074 -9531919.
Ceisteanna (iad ar cómharc)
(i) (a) Conas a raibh lá mór san ollscoil i nGaillimh ar na mallaibh?
(b) Cad as do Shéamas Ó Súilleabháin?
(ii) (a) Cad deirtear in Alt 2 faoi Fhíona Ní Chléirigh?
(b) An dtaitníonn a cuid oibre léi? Cén fáth?
(iii) (a) Cathain a bheidh an cúrsa ag tosú arís?
(b) Cad é an spriocdháta le haghaidh na n-iarratas?
(iv) Cén t-alt as an sliocht thuas a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó:
‘Baineann na mic léinn an sult go deo as an gcúrsa teilifíse seo.’
Alt 1 = ____ Alt 2 = ____ Alt 3 = ____
____ ____ ____
(v) Cén t-alt as an sliocht thuas a dtagraíonn an abairt seo a leanas dó:
‘Tá éileamh mór ar an gcúrsa teilifíse seo.”
Alt 1 = ____ Alt 2 = ____ Alt 3 = ____
____ ____ ____