Ceol

Ceolrihanna

1. Aisling Ní Bhuachalla is ainm dom. Táim cúig bliana déag d’aois. Is aoibhinn liom ceol. Éistim le gach saghas ceoil, go háirithe popcheol agus ceol clasaiceach. Is fuath liom snagcheol. Is iad na ceoltóirí is fearr liom ná Beyonce, Rihanna agus Justin Bieber. Maidir leis an gceol clasaiceach, éistim le Beethoven, Bach agus Mozart.
2. Taitníonn ceol Gaelach liom feisin agus seinnim an fheadóg stáin agus an bosca ceoil. An bhliain seo caite bhí mé ag freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Gach oíche bhíodh céilí againn agus bhaineamar go léir sult as an gceol agus as an gcraic.
3. An samhradh seo caite chuaigh mé féin agus mo chairde go dtí ceolchoirm de chuid Justin Bieber. Bhí an cheolchoirm ar siúl sa Staid Aviva. Chuamar go dtí an Staid Aviva ar an Dart. Bhí an áit plódaithe le daoine. Bhí sceitimíní áthais ar gach éinne. Bhí an cheolchoirm ar fheabhas. Tar éis na ceolchoirme chuamar go dtí an siopa ceoil sa Staid agus cheannaíomar t-léinte de chuid Justin. Ar ámharaí an tsaoil, tháinig Justin an treo agus shínigh sé na t-léinte dúinn. Bhíomar ar mhuin na muice ansin!

Cleachtaí

1.Taitníonn snagcheol le hAisling.

Fíor                   ___

Bréagach           ___

2. Níor bhain siad taitneamh as an gcéilí.

Fíor                    ___

Bréagach           ___

3.Cá raibh an cheolchoirm ar siúl?

4.Conas a chuaigh siad go dtí an Staid Aviva?

5. Cad a rinne Justin Bieber?