Ceadúnas Tiománana Sa Ghaeilge
Ceadúnas Tiománana Sa Ghaeilge
1.Don chéad uair beidh foghlaimeoirí Gaeilge i gCambridge agus i Nua-Eabhrac ag déanamh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge de chuid Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann i Má Nuad. Tá an teastas seo cosúil le ceadúnas tiomána teanga d’fhoghlaimeoirí fásta atá bunaithe ar fhráma tagartha comónta Eorpach do theangacha. Bíonn foghlaimeoirí in ann gluaiseacht trí shé léibhéal éagsúil a thugann ón mbunleibhéal go dtí an t-ardleibhéal iad ó thaobh cumas teanga de.
2.Rinne beagnach cúig céad foghlaimeoir fásta scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie) in ionaid anseo sa bhaile agus thar lear ó bunaíodh é, an Fhrainc agus Poblacht na Seice san áireamh. Scrúdaítear ceithre scil sna scrúduithe: labhairt, cluastuiscint agus scríbhneoireacht. Bíonn ar fhoghlaimeoirí cumas áirithe a bhaint amach i leibhéal amháin sula mbíonn siad in ann bogadh ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile.
3.Deir Páid Ó Neachtain, oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae na Gaillimhe, áit a bhfuil na cúrsaí i dTeastas Eorpach na Gaeilge (TEG) á ndéanamh le trí bliana anuas, go bhfuil fostaithe na Comhairle ag baint an-tairbhe as na cúrsaí. “De réir dealraimh,” deir Páid, “ní cúrsa é a chuireann faitíos ar dhaoine filleadh ar fhoghlaim na Gaeilge ach is cúrsa é a spreagann iad chun úsáid na Gaeilge a mhéadú ina saol pearsanta.”
4.Tá sé tábhachtach do na rannpháirtithe chomh maith gur féidir leo aitheantas a fháil ar an dul chun cinn atá déanta acu a bhaint amach ag cibé leibhéal a chuireann siad i gcrích. Tugann an cúrsa seo misneach do na daoine atá lag ag an nGaeilge agus spreagadh do na daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu. Tugann an cúrsa seo deis iontach d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach, cáilíocht a bhfuil aitheantas agus meas uirthi.
5.Don chéad uair i mbliana freisin tá na cúrsaí seo á ndéanamh ar bhonn píolótach ag daltaí idirbhliana i meánscoil i mBaile Átha Cliath. Dúirt múinteoir an ranga, Aisling Ní Phuirséil, gur roghnaigh sí an cúrsa TEG mar go raibh sí ag iarraidh béim a chur ar labhairt na teanga. “Taitníonn na ranganna leis na daltaí – is breá leo an obair ghrúpa. Is deis iontach é TEG chomh maith spraoi a thabhairt isteach sa rang Gaeilge.” arsa Aisling, “Déanfaidh siad scrúdú béil in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, mar chuid den scrúdú, agus táimid ag súil go gcabhróidh an taithí sin leo agus iad ag déanamh Scrúdú na hArdteistiméireachta.”
Ceisteanna :
1. Cad leis a bhfuil an teastas seo cosúil? (Alt 1) 4 marc
2. Breac síos dhá phointe eolais faoi Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).
(Alt 2) 4marc
3. Scríobh síos rud amháin a deir Páid Ó Neachtain faoin gcúrsa seo.
(Alt 3) 4 marc
4. Luaigh dhá rud atá luaite san alt seo a thugann an cúrsa do na
rannpháirtithe. (Alt 4)
5. (a) Cad atá tosnaithe don chéad uair i mbliana?
(b) Luaigh rud amháin a dúirt Aisling Ní Phuirséil i dtaobh TEG.
(Alt 5) 4 marc