Cathair an Ghrá
ROINN 11 – LÉAMHTHUISCINT
Léigh an píosa iriseoireachta seo (bunaithe ar alt sna nuachtáin) agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Cathair an Ghrá
1.Bhí an ghrian ag dul faoi nuair a shroich mé Veinéis na hIodáile. Thuig mé láithreach go raibh mé sa chathair is áille, aoibhne agus is dócha is aite dá bhfuil ann. Is í seo cathair an ghrá. Is í an chathair is rómánsúla ar domhan í. Cibé duine a dúirt gurb é Páras cathair an ghrá, caithfidh nár thug sé cuairt ar an Veinéis riamh. Buaileann rómánsúlacht na cathrach tú agus tú ag siúl thart. Feicfidh tú lánúineacha i ngach aon áit. Bíonn fir ag dul thart ag díol rósanna ar na sráideanna, agus tá scórtha bialann suite i suímh rómánsúla ar bhruach na canála.
2.Tá Veinéis tógtha ar tuairim agus céad oileán beag, ritheann céad caoga canáil tríthi agus trasnaíonn suas le 400 droichead na canálacha siúd. Is ea, is cathair ait í seo. Tá an chuma ar an áit mar sin go bhfuil sí tógtha ar uisce. Níl aon bhóithre sa chathair seo, ach ina n-áit tá bealaí uisce agus caolshráideanna idir na hoileáin éagsúla. Is iad na príomhmhodhanna taistil sa chathair ná bád agus siúl nó á piedi , mar a deir na hIodálaigh.
3.Roinneann canáil mhór amháin an chathair, is í sin an Canal Grande. Tá trí dhroichead ar an gcanáil seo, is iad sin an Ponte de Scalzi, atá taobh leis an stáisiún traenach, Ponte di Rialto, i lár na cathrach agus Ponte del’ Accedemis, an droichead deireanach atá gar go leor do Piazza San Marco. Níl ach thart ar 65, 000 duine ina gcónaí sa Veinéis; ach tagann suas le dhá mhilliún turasóir chuig an gcathair in aghaidh na bliana. Tá an chathair ag brath go hiomlán ar thionscal na turasóireachta. Tá sé deacair bualadh le gnáthmhuintir an bhaile dá bharr. Is ar an taobh thuaidh den Canal Grande , a bhíonn formhór thurasóirí na Veinéise, go háirithe i gceantar Cannaregio atá buailte ar an stáisiún traenach. Tá an lóistín is saoire ar fáil sa dúiche seo. Tháinig mé ar lóistín ar €60 in aghaidh na hoíche ar phríomhshráid anseo.
4.Cé go bhfuil ceantar Cannaregio ar imeall an bhaile, is áit mhaith í le cur fút fad is atá tú sa Veinéis mar go bhfaighidh tú eolas maith ar an gcathair. Síos i dtreo an uisce ó Piazza San Marco, tá Piazzeta San Marco agus feicfidh tú na fir Gondola anseo, ag déanamh gach iarracht go scarfaidh tú le do €70 le turas leathuaire i nGondola a dheanamh.Cé go bhfuil praghas áiféiseach ar thuras Gondola, fós féin is fiú go mór turas a dhéanamh ar bhád le linn do chuid ama sa Veinéis.
5.Feicfidh tú formhór na cathrach i dhá lá. Má tá cúpla oíche le caitheamh agat ann, is fiú go mór turas oíche a dhéanamh chomh fada le Verona. Níl Verona ach uair a chloig go leith ón Veinéis ar an traein. Ní chosnaíonn sé ach €6 taisteal ann. I rith an tsamhraidh, bíonn léiriúcháin de cheoldrámaí éagsúla ar siúl san aimfítéatar Rómhánach sa chathair. Is féidir le thart ar fiche míle duine a bheith i láthair ag aon léiriúchán amháin. Chonaic mé Carmen ann, agus is dócha gurb é sin buaicphointe mo laethanta saoire san Iodáil.
Ceisteanna (iad ar cómharc)
1. (a) Cad a thuig an t-údar láithreach?
(b) Conas a bhuaileann rómánsúlacht na cathrach tú?
2. Luaigh dhá rud atá sa dara halt a chruthaíonn gur “cathair ait í” an Veinéis.
3. (a) Dhá phointe eolais faoin Veinéis atá in Alt 3.
(b) Cé mhéad a chosain an lóistín a fuair an t-údar?
4. (a) Cad chuige gur áit mhaith í ceantar Cannaregio, dar leis an údar?
(b) Cad tá le rá ag an údar faoi dhul “ar thuras Gondola” sa cheathrú halt?
5. (a) Pointe amháin eolais faoi Verona.
(b) Cérbh é buaicphointe laethanta saoire an údair, dar leis?