Bernard Bródúil
Ardleibhéal
Páipéar 1 40 Marc
Roinn 11 Léamhthuiscint
Ceist 1. Freagair A agus B anseo.
A (20 marc)
Léigh an píosa iriseoireachta seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Bíodh na freagraí i d’fhocail féin, chomh fada agus is féidir leat.
Bernard Bródúil
1. Cé gur theip air sa Ghaeilge ar scoil, níor chaill Bernard Dunne riamh a mhisneach leis an teanga. Agus is bród a bhí faoi chaibidil ag an bhfear céanna nuair a cuireadh faoi agallamh é ar ‘The Saturday Night Show’ ar RTÉ oíche Dé Sathairn seo caite. D’inis an t-iarsheaimpín dornálaíochta as Baile Átha Cliath do láithreoir an chláir, Brendan O’ Connor, faoin ardmheas atá aige ar an teanga. “Táim an-bhródúil as bheith i mo Ghael agus tá sé ríthábhachtach dom an dúthracht seo atá agam don Ghaeilge a thabhairt do mo pháistí,” a dúirt sé.
2. Bhí Dunne mar aoi ar an gclár i gcuideachta Ray Foley ó Today FM, chun an scéala a scaipeadh faoin bhfeachtas Gaeilge ina bhfuileadar páirteach, ‘Bernard Dunne’s Bród Club’. Sa tsraith nua teilifíse, tá sé d’aidhm ag Dunne 100,000 duine a spreagadh chun tabhairt faoi labhairt na Gaeilge arís.
3. Taispeánfar an chéad eagrán den chlár ar RTÉ 1 ar an Luan seo chugainn, 5 Márta ag 7.30 in. Tuigtear nach mbeidh an clár seo cosúil le haon chlár Gaeilge eile a rinneadh go dtí seo agus deir Dunne gur dúshlán atá i gceist, ní ceachtanna Gaeilge. “Táim ag achainí ar gach duine ar fud na tíre páirt a ghlacadh san Bród Club agus tabharfaidh sé deis dóibh ansin teagmháil a dhéanamh lena chéile agus comhráití a spreagadh tríd Twitter agus Facebook.
4. Sé eagrán a bheidh sa tsraith nua, a leanfaidh ar aghaidh go dtí 9 Aibreán. Cé gur éirigh go maith leis ar scoil, d’inis Dunne ar ‘The Saturday Night Show’ gur theip air sa Ghaeilge. Ach le linn dó a bheith ina chónaí sna Stáit Aontaithe ar feadh seal, chuir sé suim arís sa teanga.
5. Rinne sé cinneadh an Ghaeilge a fhoghlaim arís. Cheannaigh sé leabhar agus dlúthdhiosca agus thosaigh sé ag foghlaim píosaí beaga anseo is ansiúd. Ba mhian leis a bheith líofa sa Ghaeilge agus nuair a d’éirigh sé as an dornálaíocht dhá bhliain ó shin rinne sé geall dó féin go raibh sé chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Sa tsraith teilifíse seo beidh sé ag taisteal timpeall na tíre ag spreagadh agus ag mealladh daoine leis an nGaeilge a labhairt arís. Is liosta le háireamh iad na haíonna a ghlacfaidh páirt sa chlár le tabhairt faoi dhúshlán Bhernard Bhródúil.
As alt i nGaelscéal le hÁine Ní Chuaig
Ceisteanna (iad ar cómharc)
(i) (a) Conas ar éirigh le Bernard sa Ghaeilge ar scoil?
(b) Rud amháin a d’inis sé do Brendan O’ Connor.
(ii) (a) Cad chuige go raibh Bernard ar an gclár teilifíse?
(b) Cén aidhm atá aige?
(iii) Beidh an clár ‘Bernard Dunne’s Bród Club’ ar siúl ar RTÉ go luath.
Luaigh dhá phointe eolais faoin gclár sin.
(iv) (a) Cathain a thiocfaidh deireadh leis an gclár ar an teilifís?
(b) Cathain a chuir Bernard suim sa teanga arís?
(v) (a) Cén geall a rinne sé dó féin?
(b) Rud amháin a bheidh á dheanamh aige sa tsraith teilifíse seo.