Anois Teacht an Earraigh

Anois Teacht an Earraigh

ROINN 11 – LÉAMHTHUISCINT
Léigh an píosa iriseoireachta seo (bunaithe ar alt sna nuachtáin) agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.

Anois Teacht an Earraigh

1. Is dócha gur ar an 30 Márta 1779 a tháinig Antaine Raifteirí ar an saol gar do Choillte Mach i gCo Mhaigh Eo. Fíodóir as Sligeach a bhí ina athair a bhíodh ag obair do mhuintir Taafe, agus ba Bhraonánach a mháthair. Is dócha gurb é Ciarán Ó Coigligh an té is fearr a dhein taighde ar a shaol agus tá a leabhar Raiftearaí: Amhráin agus Dánta le moladh go mór.

2. Nuair a bhí Antaine thart ar chúig bliana d’aois chaill sé radharc na súl leis an mbolgach. Buachaill fíormheabhrach ab ea é a thug leis ceol, amhráin agus dánta agus a bhíodh ag tabhairt pléisiúir do mhuintir na háite leo. Bhíodh sé ar an gceird seo tigh mhuintir Taafe agus bhíothas mórtasach as nó gur mharaigh sé capall le Frank Taafe de thimpiste.

3. Is ina fhear siúil thart ar Achréidh oirthear na Gaillimhe a bhí air an chuid eile dá shaol a chaitheamh. Fuair sé bás oíche Nollag na bliana 1835 gar do Chreachmhaoil. Bhí leagan amach náisiúnach aige agus tuiscint éigin ar stair na hÉireann. Bhí sé pósta agus bhí beirt chlainne aige féin agus a bhean cheile.

4. Ar na dánta dá chuid is mó a bhfuil eolas orthu ag an bpobal fós féin tá ‘Anach Cuain’, ‘Brídín Bhéasaigh’, ‘Cill Aodáin’ agus ‘Máire Standún’. Dán fada ar leith dá chuid is ea ‘Seanchas na Sceiche’. Is saothar ardliteartha é an dán sin.

5. Ní eisean a chum ‘Mise Raifteirí an File’ a bhíodh leagtha air. Deirtí go mb’fhéidir gurb é Dubhghlas de hÍde a chum é ach ceaptar anois gurb é Seán Ó Ceallaigh, imirceoir as Baile Locha Riach a raibh cónaí air i Nua Eabhrac, an duine a chum é. Bhí féith na filíochta in Ó Ceallaigh agus é ar a chumas rannta breátha filíochta a chumadh ó thráth go chéile.

Ceisteanna (iad ar cómharc)
  • Luaigh dhá rud atá sa chéad alt faoi Antaine Raifteirí.
  • Deirtear sa dara alt gur “buachaill fíormheabhrach ab ea é”.
    Conas a chruthaigh sé é sin?
  • Luaigh dhá phointe eolais faoi Raifteirí atá sa tríú halt.
  • Cad is teideal don dán fada a chum Raifteirí? (Alt 4)
  • Luaigh dhá phointe eolais faoi Sheán Ó Ceallaigh atá in Alt 5.