Séimhiú ar Aidiachtaí
Séimhiú ar Aidiachtaí
- Sa Tuiseal Ainmneach, Uatha, má’s ainmfhocal baininscneach a thagann roimhe m.s. an bhean mhór; an fheadóg ghlas; an oíche chiúin,
- Sa Tuiseal Ginideach, Uatha, firinscneach m.s. cos an fhir mhóir; sciathán an éin bhig,hata an fheirmeora bhacaigh,
- San Uimhir Iolra, má chríochnaíonn sé ar chonsan caol na fir mhóra, na capaill bheaga, na caisleáin ghalánta
- ar lorg idir i gcás comhaireamh cailíní idir bheag agus mhór
An Aidiacht Shealbhach
- an tríú pearsa , uimhir uatha, baininscneach
roimh ghuta
m.s. a huncail (her uncle), a hainm, a háit
dhúchais, a hanam
Séimhiú ar Bhriathra
-
ar thúschonsain
- Séimhítear iad go hiondúil san Aimsir Chaite, san
Aimsir Ghnáthchaite, sa Mhodh Choinníollach
m.s. bhris mé; chuirinn; dhíolfá - ar lorg na míreanna a, ní, má, ar, ó, níor, nár, gur,
cár, sular, murar srl
m.s. a bhailigh, ní théann, má bhíonn, ar dhúisigh, ó
ó chaill, níor mharaigh, nár thug, gur bhuaigh, cár
fhág, sular shroich, murar ghoill
Nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile agus má thosaíonn an tarna ceann ar chonsan m.s. Teach Pheig, athair Sheáin, deirfiúr Mháire,
Coláiste Phádraig srl
Coláiste Phádraig srl
N.B.Tá go leor cásanna eile ann ina séimhítear focail ach is leor an méid thuas (Cuid 1 agus Cuid 2) don ghnáthscoláire.
Cleachtaí – Tá botúin sna habairtí thíos. Ceartaigh na botúin sin.
Cleachtaí – Tá botúin sna habairtí thíos. Ceartaigh na botúin sin.
- Dúisigh mé de geit tráthnóna inné.
- Tá trua agam don cailín sin. Fuair a uncail agus a aintín bás anuraidh.
- Má ceannaíonn tú scaireanna sa stocmhargadh, beidh tú saibhir lá éigin.
- Sular caill sé an madra , bhí sé ag pleidhcíocht leis na garsúin crosta.
- De barr na timpiste, ní beidh Scoil Bríde oscailte ar feadh míosa.
Cúinne na Gramadaí 9: Freagraí
- (i). . . mhaidin . . . . go hálainn . (ii) . . . an choiligh (iii) . . fhaca . . . mo dheartháir . . . mo chara . . . sa bhialann (v) . . . beirt phóilíní . . . . trí chapall.