Na Réamhfhocail Shimplí/Ceacht 2

Na Réamhfhocail Shimplí/Ceacht 2

Gramadach Gan Dua! 15

Na Réamhfhocail Shimplí:

Grúpa 1      Grúpa 2      Grúpa 3

      ag              ari
      as              roimh
      os              faoi
      dar            thar
      le              ó
      chuig       trí
      go            de
                       do
                       um
                       mar
                       gan
                       idir
                       sa

Grúpa 1

Ní shéimhníonnní uraíonn na réamhfhocail seo túschonsan ainmfhocail ach amháin i gcás ‘le chéile’.

Grúpa 2

Séimhíonn na réamhfhocail seo túschonsan ainmfhocail de ghnáth.

Grúpa 3

Uraíonn an réamhfhocal seo túschonsan de ghnáth.

Samplaí
  • Níl ciall ar bith ag Máire.
  • Chuamar go Gaillimh inné.
  • Beidh sé as póca má dhíolann sé an rothar ar phraghas íseal.
  • Tá an abhainn sin faoi thalamh.
  • Léim sé de gheit.
  • Bhí mé ann um thráthnóna.
  • Thug sé an leabhar do Mháire.
  • Léim an madra thar gheata.
  • Bhí eagla ar Dhiarmaid roimh an madra.
  • Tá Áras an Uachtaráin i mBaile Átha Cliath.
  • Táimid i bponc ceart anois.
  • Ní beimid i bhfad ag siopadóireacht.
Cleachtaí
  • Tá slua mór sa (bus).
  • Beidh sé ann roimh (meánlae).
  • Bhíomar i (cruachás) nuair a theip ar an inneall.
  • Bhíomar ag obair ó (maidin) go (oíche).
  • Tá séideán ag teacht faoi (doras) an tseomra.
  • Ní raibh de (freagra) aici ach go raibh sí tinn.
  • Tháinig an t-éan isteach trí (fuinneog) na cistine.
  • Tháinig na buachaillí agus na cailíní abhaile le (céile).