Na Réamhfhocail Shimplí

Na Réamhfhocail Shimplí
Grúpa 1             Grúpa 2               Grúpa 3
ag                      ar                              i
as                    roimh        
os                    faoi
dar                    thar
le                      ó
chuig                 trí
go                    de
                        do
                       um
                       mar
                      gan
                       idir
                       sa
Grúpa 1

Ní shéimhníonn nó ní uraíonn na réamhfhocail seo túschonsan ainmfhocail ach amháin i gcás ‘le chéile’.

Grúpa 2

Séimhíonn na réamhfhocail seo túschonsan ainmfhocail de ghnáth.

Grúpa 3

Uraíonn an réamhfhocal seo túschonsan de ghnáth.

Samplaí:
  • Tá teach mór ag Seán.
  • Chuamar go Gaillimh inné.
  • Beidh sé as póca má dhíolann sé an rothar ar phraghas íseal.
  • Tá an abhainn sin faoi thalamh.
  • Léim sé de gheit.
  • Bhí mé ann um thráthnóna.
  • Thug sé an leabhar do Mháire.
  • Tá cónaí uirthi i gCorcaigh.
  • Léim an madra thar gheata.
  • Bhí eagla ar Dhiarmaid roimh an madra.
Cleachtaí:
  • Tá slua mór sa (bus).
  • Beidh sé ann roimh (meánlae).
  • Bhíomar i (cruachás) nuair a theip ar an inneall.
  • Bhíomar ag obair ó (maidin) go (oíche).
  • Tá séideán ag teacht faoi (doras) an tseomra.
  • Ní raibh de (freagra) aici ach go raibh sí tinn.
  • Tháinig an t-éan isteach trí (fuinneog) na cistine.