Na Réamhfhocail Shimplí

Na Réamhfhocail Shimplí
Grúpa 1             Grúpa 2              Grúpa 3
ag                      ar                          i
as                      roimh        
os                      faoi
dar                     thar
le                       ó
chuig                 trí
go                     de
                         do
                         um
                         mar
                         gan
                         idir
                         sa
Grúpa 1

Ní shéimhníonnní uraíonn na réamhfhocail seo túschonsan ainmfhocail ach amháin i gcás ‘le chéile’.

Grúpa 2

Séimhíonn na réamhfhocail seo túschonsan ainmfhocail de ghnáth.

Grúpa 3

Uraíonn an réamhfhocal seo túschonsan de ghnáth.

Samplaí
  • Tá teach mór ag Seán.
  • Chuamar go Gaillimh inné.
  • Beidh sé as póca má dhíolann sé an rothar ar phraghas íseal.
  • Tá an abhainn sin faoi thalamh.
  • Léim sé de gheit.
  • Bhí mé ann um thráthnóna.
  • Thug sé an leabhar do Mháire.
  • Tá cónaí uirthi i gCorcaigh.
  • Léim an madra thar gheata.
  • Bhí eagla ar Dhiarmaid roimh an madra.
Cleachtaí
  • Tá slua mór sa (bus).
  • Beidh sé ann roimh (meánlae).
  • Bhíomar i (cruachás) nuair a theip ar an inneall.
  • Bhíomar ag obair ó (maidin) go (oíche).
  • Tá séideán ag teacht faoi (doras) an tseomra.
  • Ní raibh de (freagra) aici ach go raibh sí tinn.
  • Tháinig an t-éan isteach trí (fuinneog) na cistine.
Freagraí ar CnG 4!
  • (i) mbrisfeadh sé . . . bheadh (ii) ndéanfadh sibh . . . ní thiocfadh (iii) Dá n-imeoinn . . . ní bheinn (iv) mbeadh . . . d’ólfá (v) a dhéanfadh . . . dá mbrisfeadh sí (vi) dá n-íosfá . . . ní bheadh (vii) Rachainn . . . dá dtabharfá . . .