Na Forainmneacha Réamhfhoclacha

Na Forainmneacha Réamhfhoclacha

Na Forainmneacha Réamhfhoclacha

Seo a leanas na forainmneacha réamhfhoclacha agus na reamhfhocail as a dtagann siad:

ar: orm, ort, air, uirthi, orainn, oraibh, orthu
ag: agam, agat, aige, aici, againn, agaibh, acu
faoi: fúm, fút, faoi, fúithi, fúinn, fúibh, fúthu
i: ionam, ionat, ann, inti, ionainn, ionaibh, iontu
le: liom, leat, leis, léi, linn, libh, leo
do: dom, duit, dó, di, dúinn, daoibh, dóibh
de: díom, díot, de, di, dínn, díbh, díobh
as: asam, asat, as, aisti, asainn, asaibh, astu
chuig: chugam, chugat, chuige, chuici, chugainn, chugaibh, chucu
roimh: romham, romhat, roimhe, roimpi, romhainn, romhaibh, rompu
thar: tharam, tharat, thairis, thairsti, tharainn, tharaibh, tharstu
trí: tríom, tríot, tríd, tríthi, trínn, tríbh, tríothu
idir: – eadrainn, eadraibh, eatarthu
ó: uaim, uait, uaidh, uaithi, uainn, uaibh, uathu
um: umam, umat, uime, uimpi, umainn, umaibh, umpu

Samplaí
  • Bhíomar ag labhairt eadrainn féin don chuid eile den oíche.
  • Chuir sí a cóta uirthi agus amach an doras léi.
  • Níl ionamsa ach ball de chorp sin mo shinsear.
  • Fútsa atá sé an obair go léir a dhéanamh, a Mháire.
  • Bhí gach duine ag fonóid uime, .i. bhí siad ag magadh faoi.
Cleachtaí

Líon na bearnaí sna habairtí seo a leanas:

  • Tá dul amú ……, a stór,’ arsa Pádraig le Síle, ‘má cheapann tú go ndéanfainn a leithéid.’
  • Bhí díomá …… nuair nár bhuaigh siad an chéad duais.
  • Ní raibh gíog …… nuair a thuig siad go raibh buaite orthu sa chluiche.
  • ‘Cé …… a bhfuil cúram eochair an tseomra?’ arsa an príomhoide leis na buachaillí.
  • Baineadh preab …… nuair a chonaiceamar an tíogar ag rith inár ndiaidh.
  • Fiafraigh …… an bhfaca sí cár fhág mé na heochracha.
  • Níl iontaoibh …… as aon duine ó goideadh an t-airgead go léir uainn.
  • Ba dhóbair …… , a Cháit, an oíche ar leag an carr thú.
  • Bhí ríméad …… nuair a bhuaigh siad an Crannchur Náisiúnta.
  • Theip …… a dhéanamh amach cé a bhí ag teacht i mo threo.
  • ‘Nach méanar …… agus an saol breá atá agat,’ arsa m’athair liom.
  • ‘Ní gearánta …… ,’ arsa an fear bocht, ‘– ar a laghad tá an tsláinte go maith agat.’
  • Níl locht ar bith agam ……. Is daoine deasa iad.
  • Is eagal …… go bhfuil saol crua romham amach.
  • Is mithid …… bheith ag bailiú liom abhaile láithreach bonn.
  • Is trua …… do chás, a Mháire.
  • ‘Ceapann tusa nach bhfuil ciall ar bith …….,’ arsa Pádraig liom.
  • Dá dtuigfeá ár gcás ní thógfá …… é.
  • An té atá thuas, óltar deoch …… ; an té atá thíos, buailtear cos …….
  • Ba chóir …… náire a bheith orthu.