Na Bunuimhreacha agus na hOrduimhreacha

Na Bunuimhreacha agus na hOrduimhreacha

Na hUimhreacha

Na Bunuimhreacha agus na hOrduimhreacha
Na Bunuimhreacha                       Na hOrduimhreacha
 
1.cat amháin/asal amháin                     an chéad chat/an chéad asal
(aon chat amháin/asal amháin)
2.dhá chat/asal                               an dara (tarna) cat/an dara hasal
3.trí chatasal                                   an tríú cat/hasal
4.ceithre chat/asal                             an ceathrú cat/hasal
5cúig chat/asal                                an cúigiú cat/hasal
6.sé chat/asal                                   an séú cat/hasal
7.seacht gcat/n-asal                           an seachtú cat/hasal
8.ocht gcat/n-asal                               an t-ochtú cat/asal
9.naoi gcat/n-asal                              an naoú cat/hasal
10.deich gcat/n-asal                           an deichiú cat/hasal
11.aon chat déag/aon asal déag               an t-aonú cat/hasal déag.
[N.B. 1 – 6 + h ar thúschonsain// 7 – 10 + urú ar thúschonsain + urú roimh ghutaí] Bliain amháin – dhá bhliain d’aois – ACH – trí bliana d’aois . . . . . sé bliana d’aois – ACH – seacht mbliana d’aois . . . . deich mbliana d’aois.

Ceann amháin – dhá cheann – ACH – trí cinn . . . . . sé cinn – ACH – seacht gcinn . . . . deich gcinn.

Na hUimhreacha Pearsanta

1.duine (amháin)
2.beirt
3.triúr
4.ceathrar
5.cúigear
6.seisear
7.seachtar
8.ochtar
9.naonúr
10.deichniúr
11.aon duine dhéag
12.dáréag
13.trí dhuine dhéag . . . .

Samplaí
  • Tá trí chearc agus seacht gcoileach ag an bhfeirmeoir.
  • Fuair sé bás ar an seachtú lá is fiche de Mhí Iúil.
  • Níl Pól ach ceithre bliana déag d’aois ach tá Cáit ocht mbliana déag d’aois.
  • Ceannaigh mé dhá cheann inné ach ceannóidh mé deich gcinn amárach.
  • Tháinig Seán sa séú háit sa chomórtas.
  • Tá seacht n-ainmhí déag ag Cáit.
  • Bhí siad ag súil go dtiocfadh caoga duine go dtí an chóisir ach níor tháinig ach dáréag.
  • Tháinig beirt bhan agus seachtar fear.
Cleachtaí
  • Táim (17: bliain) d’aois.
  • Tháinig Seán sa (7ú) (áit) sa rás.
  • Ní bhfuair mise ach (7: ceann).
  • Tá (6) i mo chlann.
  • Tá (3: madra), (7: bó), (18: caora) agus (2: asal) ar an bhfeirm sin.
  • Seo an (3ú: uair) di a bheith déanach don scoil.
  • Tá an (1ú) (Cogadh) Domhanda críochnaithe le fada.
(Freagraí ar Eagrán 7):
  • (i)ith (ii)ndearna tú (iii)Tugaim (iv)mbeadh (v)bhfaighidh mé . . . . gheobhaidh
    (vi)ith sibh (vii)ndeachaigh . . . . . dheachaigh.