Na Briathra Neamhrialta
Briathar | Aimsir Chaite | Aimsir Láithreach | Aimsir Fháistineach | Modh Coinníolach |
Abair | dúirt mé | deirim | dearfaidh mé | déarfainn |
Beir | rug mé | beirim | béarfaidh mé | bhéarfainn |
Clois | chuala mé | cloisim | cloisfidh mé | cloisfinn |
Ith | d’ith mé | ithim | íosfaidh mé | d’íosfainn |
Tabhair | thug mé | tugaim | tabharfaidh mé | thabharfainn |
Tar | tháinig mé | tagaim | tiocfaidh mé | thiocfainn |
Téigh | chuaigh mé
ní dheachaigh mé an ndeachaigh sé? |
téim | rachaidh mé | rachainn |
Feic | chonaic mé
ní fhaca mé an bhfaca tú? |
feicim | feicfidh mé | d’fheicfinn |
Déan | rinne mé
ní dhearna mé an ndearna tú? |
déanaim | déanfaidh mé | dhéanfainn |
Faigh | fuair mé
ní bhfuair mé an bhfuair sí? |
faighim | gheobhaidh mé
ní bhfaighidh mé
An bhfaighidh tú?
|
gheobhainn
ní bhfaighinn
An bhfaighfeá?
|
Tá/Bí |
bhí mé ní raibh sí an raibh tú? an mbíonn siad?
|
táim/bím | beidh mé
níl sé/bíonn sé |
an bhfuil sé? |
Samplaí
- (i)Chonaic mé Síle aréir ach ní fhaca mé Peadar.
- (ii)Déarfainn go mbeadh an bua ag Corcaigh sa chluiche sin.
- (iii)An bhfuair sí na torthaí fós.? Ní dóigh liom go bhfuair sí.
- (iv)Ní dheachaigh Tomás ar scoil inné.
- (v)Rachaimis go dtí an Astráil dá mbeadh go leor airgid againn.
- (vi)An ndearna sibh an obair bhaile, a bhuachaillí? Ní dhearnamar fós, a mháistir.
- (vii)An bhfaighidh tú an nuachtán dom? Gheobhaidh mé cinnte.
- (viii)Bíonn sé ar scoil gach lá.
- (ix)Rugadh Seán Ó Ríordáin sa bhliain 1916.
- (x)Ní dhéanfainn é sin ar ór nó ar airgead.
Cleachtaí
- (i)Níor (ith) mé mo lón inné.
- (ii)An (déan: tú) an obair bhaile anocht?
- (iii)(Tug: mé) cabhair dó gach lá.
- (iv)Dá (tá) a lán airgid agam cheannóinn carr nua.
- (v)Ní (faigh: mé) an traein anocht ach (faigh: mé) an bus.
- (vi)Ar (ith: sibh) bhur ndinnéar fós? Níor (ith: sinn)
- (vii)An (téigh: tú) ar scoil inné? Ní (téigh: mé)
- (viii)An (feic: sibh) an taibhse aréir? Ní (feic: sinn).
- (ix)Dá (tar: tú) liom go dtí an cluiche bheadh athas orm.
- (x)An (déan: tú) an obair bhaile aréir? Ní (déan: mé).