(i)AINMFHOCAL /TUISIL /DÍOCHLAONTAÍ

(i)AINMFHOCAL /TUISIL /DÍOCHLAONTAÍ

GRAMADACH DON TEASTAS SÓISEARACH AGUS DON ARDTEIST

(i)AINMFHOCAL (ii)TUISIL (iii)DÍOCHLAONTAÍ

An t-alt: an (uatha) / na (iolra + tuiseal ginideach uatha, baininscneach)

An t-ainmfhocal: Úsáidtear é chun duine nó rud nó áit a chur in iúl.

Inscne: Tá dhá inscne sa Ghaeilge: firinscne agus baininscne.

Tá dhá ainmfhocal ann gan inscne – nó is féidir smaoineamh orthu mar ainmfhocail fhirinscneacha nach n-úsáidtear an réamhlitir t- leo: ‘iomad’ (an iomad oibre) agus ‘oiread’ (an oiread oibre).

Firinscneach

(i) Tomás, Éamann, Dónall

(ii) fear, athair, deartháir, mac, uncail

(iii) tarbh, coileach, pocán

Baininscneach

(i) Máire, Bríd, Cáit

(ii) bean, máthair, deirfiúr, iníon, aintín

(iii) bó, cearc, caora

Bíonn sé éasca go leor uaireanta a aithint cé acu ainmfhocal firinscneach (m.sh. focail a chríochnaíonn ar –óir, –úir, –éir / –an, –ín, srl.) nó ainmfhocal baininscneach (m.sh. focail a chríochnaíonn ar –íocht, –óg, –eog, –lann) a bhíonn i gceist; ach má bhíonn amhras ort, féach san fhoclóir agus gheobhaidh tú an t-eolas cuí ansin.

m.sh.     gleann, m3, pl. -ta
               Tuigeann tú ón méid sin go bhfuil ‘gleann’ firinscneach (m = masculine), go bhfuil sé sa tríú díochlaonadh, agus gurb í ‘gleannta’ foirm an fhocail san uimhir iolra – ní beag sin!
               tonn, f2, pl. -ta
               Tuigeann tú anois go bhfuil ‘tonn’ baininscneach (f = feminine), go bhfuil sé sa dara díochlaonadh, agus gurb í ‘tonnta’ foirm an fhocail san umhir iolra.

Na Tuisil
An Tuiseal Ainmneach

Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal ina ainmní san abairt, bíonn sé sa tuiseal ainmneach:

m.sh.      Mharaigh an fear an luch le nimh.
                 D’ith Pól a bhricfeasta.
                 Bhí an t-asal sa stábla.

An Tuiseal Tabharthach

Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal faoi réir ag réamhfhocal simplí (ag, as, chuig, go, le, ar, faoi, thar, de, do, i, roimh, ó, um, srl.), bíonn sé sa tuiseal tabharthach:

m.sh.      Tá fearg ar an mbuachaill.
                 Tá cónaí uirthi i gCorcaigh.
                 Beidh mé ann um thráthnóna.

An Tuiseal Ginideach

Úsáidtear an ginideach –

(i)    nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile agus
      – nuair a bhíonn seilbh i gceist:
      cos an fhir, bróga na mná, teach an tsagairt, srl.
      – chun breis eolais a thabhairt faoin gcéad ainmfhocal:
      cailín scoile, teachta Dála, fear oibre, capall rása, srl.

(ii)    i ndiaidh ainm bhriathartha:
        ag briseadh an adhmaid, ag bailiú airgid, ag baint an fhéir, ag labhairt na teanga, srl.

(iii)     i ndiaidh réamhfhocail chomhshuite:
        i rith an earraigh, ar fud na háite, i dtreo na carraige, ar son Dé, i gceann seachtaine, srl.

(iv)    i ndiaidh ‘chun, trasna, timpeall, cois…’
        chun donais, trasna na dtonnta, timpeall na háite, cois na tine, srl.

An Tuiseal Gairmeach

Úsáidtear an tuiseal seo nuair a labhraítear le duine:

m.sh.     a Sheáin, a dhaoine uaisle, a chara, a chathaoirligh, srl.

Na Díochlaontaí
An Chéad Díochlaonadh

(i) Ainmfhocail fhirinscneacha

(ii) Críochnaíonn siad ar chonsan leathan: cat, bád, fear, srl.

(iii) Caolaítear an consan deiridh sa tuiseal ginideach uatha – eireaball an chait, seol an bháid, lámh an fhir, srl.

Samplaí: an bád, an t-asal

                   Uatha                                       Iolra

Tuiseal Ainmneach: an bád        an t-asal        na báid        na hasail

Tuiseal Tabharthach: ar an mbád        leis an asal        ar na báid        leis na hasail

Tuiseal Ginideach: seol an bháid        cos an asail          seolta na mbád        cosa na n-asal

An Dara Díochlaonadh

(i) Ainmfhocail bhaininscneacha (le cúpla eisceacht)

(ii) Críochnaíonn siad ar chonsan leathan nó ar chonsan caol.

(iii) Caolaítear iad sa tuiseal ginideach uatha, agus cuirtear ‘e’ leo: fráma na fuinneoige, ag déanamh na hoibre.

Samplaí: an fhuinneog, an áit
An Tríú Díochlaonadh

(i) Ainmfhocail fhirinscneacha agus ainmfhocail bhaininscneacha

(ii) Críochnaíonn siad ar chonsan leathan nó ar chonsan caol.

(iii) Leathnaítear an consan deiridh sa tuiseal ginideach uatha, agus cuirtear ‘a’ leis: madra an fheirmeora, i rith na bliana, oíche filíochta, srl.

Samplaí: an fiaclóir, an iománaíocht

                   Uatha                                       Iolra

Tuiseal Ainmneach: an fiaclóir        an iománaíocht        na fiaclóirí          —

Tuiseal Tabharthach: ón bhfiaclóir         san iománaíocht         ó na fiaclóirí          —

Tuiseal Ginideach: seomra an         foireann        seomra na         —

fhiaclóra         iománaíochta         bhfiaclóirí          —

An Ceathrú Díochlaonadh

(i) Ainmfhocail fhirinscneacha den chuid is mó

(ii) Ní athraítear iad sa ghinideach uatha.

(iii) Críochnaíonn siad ar ghuta: madra, cócaire
nó ar ‘-ín’: coinín, cailín, gairdín, srl.

Samplaí: an cluiche, an gairdín
An Cúigiú Díochlaonadh

(i) Ainmfhocail bhaininscneacha den chuid is mó

(ii) Críochnaíonn siad ar ghuta: lacha, cara, ionga
nó ar chonsan: cathair, máthair, Nollaig, srl.

(iii) Críochnaíonn siad ar chonsan leathan sa tuiseal ginideach uatha.

Samplaí: an cara, an abhainn
Ainmfhocail neamhrialta (nach mbaineann le díochlaonadh ar bith)

                                    Tuiseal Ginideach                                 uimhir iolra

bean                        cos na mná                                             na mná

deirfiúr                    lá breithe mo dheirféar                              na deirfiúracha

dia                            toil Dé                                                    na déithe

                             i rith an lae                                             na laethanta

leaba                       cois leapa                                                na leapacha

                           ar feadh míosa                                       na míonna

Ó                             leabhar Sheáin Uí Mhurchú                     Uí Breasail

olann                       praghas na holla                                     na holanna

siúr                         obair na siúrach                                     na siúracha

talamh                   cruth an talaimh/cruth na talún                 na tailte

Nóta:

bean: Tá tuiseal ginideach ar leith ag ‘bean’ san uimhir iolra: ‘Sliabh na mBan’.

talamh: Is feidir le ‘talamh’ bheith firinscneach nó baininsneach.

Má bhíonn tú in amhras faoi ainmfhocal ar bith agus faoin gcaoi a ndíochlaontar é, bain feidhm as an bhfoclóir nó as leabhar gramadaí.

Cleachtaí ar na díochlaontaí

Cuir isteach an fhoirm cheart den fhocal (nó de na focail) atá idir lúibíní i ngach cás:

1 Tá eagla ar an (fear) roimh an tarbh.
2 Tá teach (an sagart) ar thaobh (an bóthar).
3 Chuaigh an bád trasna (an fharraige).
4 De réir réamhaisnéis (an aimsir), beidh an lá amárach fuar fliuch.
5 Ní hé lá (an ghaoth) lá na scolb.
6 Is as Sliabh (na mná) do Cháit agus is as Carraig (na fir) do Dhiarmaid.
7 Bhí sé ag ithe (feoil) agus ag ól (fíon) ar feadh (an oíche).
8 Bhí cruinniú ag Comharchumann (na hOileáin) aréir.
9 Bhíomar ag caitheamh (an tseamróg) Lá Fhéile Pádraig.
10 Tá radharc (na súile) caillte ag an (cailín) sin le fada.
11 Tá carr an (dochtúir) i gclós (an fheirm).
12 Chaill sé a cheadúnas (tiomáint) de bharr (an t-ól).
13 Oibríonn mo mháthair le Bord (an Mhóin).
14 Chuamar go Páras ar mhí (an mhil).
15 Bhí mo sheanathair gníomhach i gCogadh (an tSaoirse).
16 Is maith liom laethanta saoire (an Nollaig), ach is fearr liom laethanta saoire (an Cháisc).
17 Téim amach i gcónaí Lá (an Dreoilín).
18 Chuaigh an bus go lár (an chathair).
19 Is deacair grá (an mháthair) dá (mac) a shárú.
20 Tháinig siad go (Éire) ar a laethanta saoire agus cheap siad go raibh muintir (Éire) an-chairdiúil.
21 Is iondúil go mbíonn Rónán Mac Aodha Buí mar (fear: an teach) ag an (Ciorcal Craiceáilte) i (Club) Chonradh (an Ghaeilge) gach Déardaoin.
22 Chaith U2 an samhradh ar fad ag taisteal (an Eoraip) anuraidh.
23 Bhí sé ag féachaint isteach trí (poll) (an eochair).
24 Téann Mícheál ar scoil go dtí Scoil (na Bráithre).
25 An té a bhí ag roinnt (Éire) níor fhág sé é féin chun deiridh.
26 I dtosach (an aicíd) is fusa í a leigheas.
27 Ceo ar abhainn ceo (an sonas); ceo ar chnoc ceo (an donas).
28 Is maith an scáthán súil (cara).
29 Íomhá (an bás) an codladh.
30 Léim (coileach) ar charn (aoileach).