Céimeanna comparáide na hAidiachta
- An Bhunchéim: Tá Caitríona álainn.
- An Bhreischéim: Tá Aoife níos áille.
- An tSárchéim: Is í Sinéad an cailín is áille sa rang.
Samplaí
Bunchéim Breischéim Sárchéim
Deas níos deise is deise
Trom níos troime is troime
Bocht níos boichte is boichte
Sean níos sine is sine
Óg níos óige is óige
Geal níos gile is gile
Beag níos lú is lú
Mór níos mó is mó
Maith níos fearr is fearr
Te níos teo is teo
Olc níos measa is measa
Furasta níos fusa is fusa
Cleachtaí
- Tá Seán níos (olc) ná Diarmaid.
- Is í Ceist a hAon an cheist is (deacair) ar an bpáipéar.
- Is (maith) an tsláinte ná na táinte.
- Is (gearr) cabhair Dé ná an doras.
- Is í an fhuiseog an t-éan is (binn) ar chraobh.
- Tá an M50 níos (fada) ná an M2.
- Tá rothar níos (mall) ná carr.
Cúinne na Gramadaí 2! Freagraí ar na Cleachtaí
- (i)Is (ii) Ar (iii)Is (iv)is . . . is (v)Ba . . . níor (vi)Arbh (vii)Níorbh