An tUrú
Urú ar Ainmfhocail
- Ar lorg na n-uimhreacha seacht, ocht, naoi, deich
- ms. ocht mbliana déag d’aois; naoi gcéad; deich n-asal srl
- Ar lorg na n-aidiachta sealbhacha ár, bhur, a
- ms. ár n-athair; bhur dtuismitheoirí; a gcótaí srl
- Ar lorg an réamhfhocail ‘i’
- ms. i gcruachás; i mBaile Átha Cliath; i dTrá Lí; i gcead duit srl
- Sa Tuiseal Tabharthach Uatha ar lorg na réamhfhocal agus an ailt
- ms. leis an mbuachaill; ar an mballa; faoin mbord; as an ngnáth; ón gcailín srl
- Sa Tuiseal Ginideach, Iolra
- ms. Sliabh na mBan; Carraig na bhFear; trasna na dtonnta; ceol na n-éan srl
- I ndiaidh réamhfhocal áirithe
- ms. ar ndóigh; ar gcúl; ar dtús; go bhfios (dom) srl
Urú ar Bhriathra
- I ndiaidh na míreanna an, nach, go, cá
- ms. an bhfaca tú? nach dtuigeann tú? deir sí go mbeidh sí déanach; cá bhfuair tú é sin? Srl
- I ndiaidh na gcónasc dá, mura, sula
- ms. dá mbeadh seans agam; mura dtagann sí; sula n-éiríonn siad
- I ndiaidh an fhorainm choibhneasta ‘a’
- ms. an cailín a bhfuair a hathair bás; an sráidbhaile as a dtáinig Bob Dylan srl
- I ndiaidh faorainm coibhneasta an méid ‘a’
- ms. is leat a bhfuil agam; ólann sé gach a dtuilleann sé srl
Samplaí
- Cheannaigh sí naoi bpéire bróg agus seacht ngúna.
- Ba cheart go mbeadh gach éinne suite um an dtaca seo.
- Muna dtagann Seosamh rachaidh mise go dtí an phictiúrlann.
- Níl tuairim dá laghad agam cén treo as a dtáinig an ghaoth.
- Tá ceo ar bharra na gcnoc ar maidin.
- Cleachtaí (foilseofar na freagraí an tseachtain seo chugainn)
Cleachtaí
- Léim siad as (a: craicne) nuair a chuala siad guth an phríomhoide.
- Chuaigh sé céim amháin chun tosaigh agus dhá chéim (ar: cúl).
- D’fhág Síle (a: cóta) ar an (cathaoir) ach d’fhág Seán agus Pól (a: cótaí) ar an (bord).
- Caithfimid (ár: dícheall) a dhéanamh sula (tagann) Diarmaid.
Tá cónaí ar Dhónall i (Gaillimh) agus tá cónaí ar Shíle i (Tír Chonaill).