An Tuiseal Ginideach
Sainmhíniú
Úsáidtear an Tuiseal Ginideach:
(i) nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile bíonn an tarna ceann sa Tuiseal Ginideach – hata an fhir, cóta Sheáin etc
(ii) i ndiaidh Ainm Bhriathartha – ag dúnadh an dorais, ag deisiú an bhóthair etc
(iii) i ndiaidh na Réamhfhocal Comhshuite – ar feadh an lae, tar éis tamaill etc
(iv) i ndiaidh chun, trasna, timpeall, cois – chun an tsagairt; trasna an bhóthair; timpeall an bháid; cois bealaigh etc
An Chéad Díochlaonadh
Samplaí:
Ainmfhocal Uatha Iolra
An capall stábla an chapaill stábla na gcapall
An fear ámh an fhir lámha na bhfear
An bád seol an bháid seolta na mbád
An t-asal cos an asail cosa na n-asal
An t-oileán muintir an oileáin muintir na n-oileán
An t-éan ceol an éin ceol na n-éan
An sagart teach an tsagairt tithe na sagart
An marcach bróga an mharcaigh bróga na marcach
An cnoc taobh an chnoic taobhanna na gcnoc
An leabhar ag léamh an leabhair ag léamh na leabhar
An bóthar taobh an bhóthair taobhanna na mbóithre
An scéal i dtús an scéil i dtús na scéalta
An bradán sláinte an bhradáin sláinte na mbradán