An Tuiseal Ginideach / An Dara Díochlaonadh
Tréithe:
(i) Tá na hainmfhocail baininscneach. (eisceachtaí iad im, sliabh atá firinscneach)
(ii) Críochnaíonn siad ar chonsan (leathan nó caol).
(iii) Críochnaíonn siad ar –e (nó –í ) sa Tuiseal Ginideach, Uatha, go hiondúil.
Samplaí:
Ainmfhocal Uatha Iolra
An fhuinneog gloine na fuinneoige gloine na bhfuinneog
An chlann tábhacht na clainne tábhacht na gclann
An bhróg praghas na bróige praghas na mbróg
An bheach mil na beiche mil na mbeach
An amharclann oifig na hamharclainne oifig na n-amharclann
An abairt brí na habairte brí na n-abairtí
An tsúil radharc na súile radharc na súl
An chloch dath na cloiche dath na gcloch
An fheadóg ag seinm na feadóige ag seinm na bhfeadóg
An ghlúin ag gortú na glúine ag gortú na nglún