An Tuiseal Ginideach
Cumtar an t-Ainm Briathartha ó fhréamh an bhriathair.
Úsáidtear an Tuiseal Ginideach:
(iNuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile, bíonn an tarna ceann sa Tuiseal Ginideach (go háirithe nuair is úinéireacht a bhíonn i gceist.
Samplaí
an teach – cúl an tí
an bhean – cos na mná
Seán – mac Sheáin
Ó Conaill – Sráid Uí Chonaill
Samplaí
an chistin – ag glanadh na cistine
an doras – ag dúnadh an dorais
fear – ag marú na bhfear
bean – Sliabh na mBan
Samplaí
an fharraige – chun na farraige
na tonnta – trasna na dtonnta
an áit – timpeall na háite
abhainn – cois abhann
Samplaí
an tine – in aice na tine
an fhuinneog – os comháir na fuinneoige
seachtain – tar éis seachtaine
an samhradh – i rith an tsamhraidh
N.B. (a Is é ‘an’ foirm an ailt sa Tuiseal Ginideach, Uatha, firinscneach, m.sh, an cat – súile an chait; an t-éan – ag marú an éin.
(b Is é ‘na’ foirm an ailt sa Tuiseal Ginideach, Uatha, baininscneach, m.sh., an bhróg – iall na bróige; an tsráid – trasna na sráide.
(cCuireann an t-alt (anseimhiú (‘h’ar thúschonsan ainmfhocail (mura d, t, s a bhíonn i gceistsa Ghinideach, Uatha, firinscneach, m.sh., an capall – cos an chapaill; an manach – lámh an mhanaigh.
(d Ní athraítear guta. m.sh., an t-asal – cos an asail; an t-iasc – boladh an éisc.
(eCuireann an t-alt (na’h’ roimh ainmfhocal dar tús guta sa Tuiseal Ginideach, Uatha, baininscneach, m.sh., an oíche – lár na hoíche; an áit – timpeall na háite, etc.
Cleachtaí
Aithris nó scríobh gan lúibíní an fhoirm cheart de na habairtí seo a leanas:
- Tá Carraig (na Fir) ig Corcaigh.
- Bhí sé ag ól (deochagus) ag ithe (úll).
- Chuaigh siad chun (an tráinné).
- Shuigh sé síos in aice (an dorasagus lig sé a scíth).
- Bhí doras (an teachbriste).
- Tá Seán ag freastal ar Choláiste (Pádraig).
- Thit sí ina codladh i lár (an lá).
Freagraí do CnaG 12
- (i)(ii) Fuarthas (iii) Thabharfaí (iv) Déantar (v) Díolfar (vi) fágadh (vii) Tógfar (viii) óltar . . . buailtear (ix) Rinneadh (x) Táthar.