An Tuiseal Ginideach
Úsáidtear an Tuiseal Ginideach:
(i) Nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile, bíonn an tarna ceann sa Tuiseal Ginideach (go háirithe nuair is úinéireacht a bhíonn i gceist).
an teach – cúl an tí
an bhean – cos na mná
Seán – mac Sheáin
Ó Conaill – Sráid Uí Chonaill
(ii) Nuair a bhíonn ainmfhocal faoi réir ag Ainm Briathartha:
Samplaí
an chistin – ag glanadh na cistine
an doras – ag dúnadh an dorais
fear – ag marú na bhfear
bean – Sliabh na mBan
Samplaí
an fharraige – chun na farraige
na tonnta – trasna na dtonnta
an áit – timpeall na háite
abhainn – cois abhann
Samplaí
an tine – in aice na tine
an fhuinneog – os comháir na fuinneoige
seachtain – tar éis seachtaine
an samhradh – i rith an tsamhraidh
(b) Is é ‘na’ foirm an ailt sa Tuiseal Ginideach, Uatha, baininscneach, m.sh., an bhróg – iall na bróige; an tsráid – trasna na sráide.
(c) Cuireann an t-alt (an) seimhiú (‘h’) ar thúschonsan ainmfhocail (mura d, t, s a bhíonn i gceist) sa Ghinideach, Uatha, firinscneach, m.sh., an capall – cos an chapaill; an manach – lámh an mhanaigh.
(d) Ní athraítear guta. m.sh., an t-asal – cos an asail; an t-iasc – boladh an éisc.
(e) Cuireann an t-alt (na) ‘h’ roimh ainmfhocal dar tús guta sa Tuiseal Ginideach, Uatha, baininscneach, m.sh., an oíche – lár na hoíche; an áit – timpeall na háite, srl.
Cleachtaí
Aithris nó scríobh gan lúibíní an fhoirm cheart de na habairtí seo a leanas:
(i) Tá Carraig (na Fir) i gCorcaigh.
(ii) Bhí sé ag ól (deoch) agus ag ithe (úll).
(iii) Chuaigh siad chun (an trá) inné.
(iv) Shuigh sé síos in aice (an doras) agus lig sé a scíth.
(v) Bhí doras (an teach) briste.
(vi) Tá Seán ag freastal ar Choláiste (Pádraig).
(vii) Thit sí ina codladh i lár (an lá).