An Tríú Díochlaonadh
An Tríú Díochlaonadh
- Tá ainmfhocail fhirinscneacha agus ainmfhocail bhaininscneacha sa dhíochlaonadh seo.
- Críochnaíonn siad ar chonsan leathan nó ar chonsan caol.
- Leathnaítear an consan deiridh sa tuiseal ginideach uatha agus cuirtear ‘a’ leis: cos an fheirmeora, i rith na bliana, leabhar filíochta, etc.
Sampla 1: An Fiaclóir inmfhocal Firinscneach
Uimhir Uatha:
T.Ainm: An bhfaca tú an fiaclóir?
T.Tabh: Tá áthas ar an bhfiaclóir.
T.Gin: Tá seomra an fhiaclóra folamh
Uimhir Iolra:
T.Ainm: An bhfaca tú na fiaclóirí?
T.Tabh: Tá áthas ar na fiaclóirí.
T.Gin: Tá seomraí na bhfiaclóirí folamh.
Sampla 2: An tAisteoir Ainmfhocal Firinscneach
Uimhir Uatha:
T.Ainm: Chonaic mé an t-aisteoir.
T.Tabh: Bhí eagla ar an aisteoir.
T.Gin: Cá bhfuil carr an aisteora?
Uimhir Iolra:
T.Ainm: Chonaic mé na haisteoirí.
T.Tabh: Bhí eagla ar na haisteoirí.
T.Gin: Cá bhfuil carranna na n-aisteoirí?
Ainmfhocail eile (Tuiseal Ginideach Uatha)
múinteoir – múinteora
buachaill – buachalla
rang – ranga
cuid – coda
tiomáint – tiomána
iarracht – iarrachta
fuil – fola
Cáisc – Cásca
síocháin – síochána
mil – meala
am – ama
Cleachtaí
Athscríobh na habairtí seo a leanas gan na lúibíní
- Tá teach (an: dochtúir) in aice le teach (an: grósaeir).
- Bhí an cailín ag foghlaim (an: ceacht) ag bun (an: rang).
- Ní raibh ceadúnas (tiomáint) aige agus é ar mhí (an: mil).
- Bhí cúrsaí (trácht) go dona i gCorcaigh i rith (an: bliain).
- Thaitin an cluiche (camógaíocht) léi níos mó na an cluiche (iománaíocht).