An tAinmfhocal sa Chéad Díochlaonadh
- Tá na hainmfhocail go léir sa Chéad Díochlaonadh firinscneach.
- Críochnaíonn siad ar chonsan leathan.
- Caolaítear iad sa Tuiseal Ginideach, Uimhir Uatha.
Sampla 1: an bád
Uatha
Ainmneach: Chonaic mé an bád sa chuan.
Tabharthach: Tá seolta bána ar an mbád.
Ginideach: Bhí criú an bháid ar meisce aréir
Iolra
Ainmneach: Chonaic mé na báid sa chuan.
Tabharthach: Tá seolta bána ar na báid.
Ginideach: Bhí criúanna na mbád ar meisce aréir.
Sampla 2: an t-éan
Uatha
Ainmneach: Bhí an t-éan ag canadh ar an gcrann.
Tabharthach: Tá dath dubh ar an éan.
Ginideach: Briseadh sciathán an éin inné.
Iolra
Ainmneach: Bhí na héin ag canadh ar na crainn.
Tabharthach: Tá dath dubh ar na héin.
Ginideach: Briseadh sciatháin na n-éan inné.
N.B. Cuirtear ‘t’ roimh ‘s’ sa Chéad Díochlaonadh, Tuiseal Ginideach, Uimhir Uatha; mar shampla: teach an tsagairt; bun an tséipéil; deireadh an tsamhraidh
Cleachtaí
Scríobh amach na habairtí seo a leanas gan na lúibíní:
- Bhí eagla ar an (asal) roimh an mbuachaill.
- Tá teach ag an múinteoir ar thaobh (an bóthar).
- Tá cónaí ar Sheán i gCarraig (na fir).
- Bhí (na éin) ag canadh ar an gcraobh.
- Cheannaigh mé (an úll) i siopa (an ospidéal).
- Bhí sceitimíní áthais ar na (fir).
- Ní dhearna mé obair bhaile i rith (an samhradh).
- Is maith liom (an earrach) in Éirinn.
- Tá teach (an sagart) trasna (an bóthar) ón mbanc.
- Stop (an otharcharr) os comhair (an séipéal).