An tAinm Teibí
Tá formhór na nAinmneacha Teibí bunaithe ar aidiachtaí/sárchéim na haidiachta:
Aidiacht Ainm Teibí
calma calmacht
cróga crógacht
uasal uaisleacht
fuar fuacht
te teas
bog boige
álainn áilleacht
fada fad
mór méad
maith maitheas
olc olcas
bán baine
fial féile
geal gile
Samplaí
- Chuir áilleacht an chailín faoi gheasa é.
- Bhí an teas millteanach an lá sin.
- Ní raibh ach méad áirithe le spáráil aige.
- Dá olcas an aimsir, is é is mó a thaitníonn sé le Bríd.
- Níl maitheas ar bith sa réiteoir sin.
- Cuireann fad na n-oícheanta duairceas ar an seanfhear.
Cleachtaí
- Is fearr liom an (te) ná an (fuar).
- Dá (fada) é an lá tagann an oíche.
- Dá (beag) é ní leanbh é.
- A (bocht) agus atá Seán tá sé níos saibhre ná Cathal.
- (Geal) na (geal) do chonarc ar shlí in uaigneas.
- Is fadhb mhór í an (bocht) in Éirinn an lae inniu.
- Is aoibhinn liomsa (ciúin) na coille.