An tAinm Briathartha agus an Aidiacht Bhriathartha
Cumtar an t-Ainm Briathartha ó fhréamh an bhriathair.
Samplaí:
Dún: ag dúnadh Cuir: ag cur Téigh: ag dul
Glan: ag glanadh Nigh: ag ní Tabhair: ag tabhairt
Bris: ag briseadh Dúisigh: ag dúiseacht Beir: ag breith
Mínigh: ag míniú Déan: ag déanamh
Bailigh: ag bailiú Tit: ag titim
Tosaigh: ag tosú Féach: ag féachaint
Éirigh: ag éirí Abair: ag rá
Ceannaigh: ag ceannach Ith: ag ithe
Eitil: ag eitilt Faigh: ag fáil
Freagair: ag freagairt Tarraing: ag tarraingt
Imigh: ag imeacht Tar: ag teacht
Samplaí:
Bhí ag fear ag marú an éisc.
Bhí an siopadóir ag dúnadh an dorais.
Bhí an múinteoir ag bailiú na gcóipleabhar ó na daltaí.
Bhí na daoine ag rá a bpaidreacha sa séipéal.
Samplaí:
dún: dúnta bris: briste ól: ólta déan: déanta
ith: ite caith: caite las: lasta faigh: faighte abair: ráite
rith: rite gabh: gafa fág: fágtha tar: tagtha scríobh: scríofa
Samplaí
Tá an obair déanta aige.
Tá na cupáin go léir briste.
Tá an siopa sin dúnta le dhá mhí faoin am seo.
Nuair a bheidh an leabhar sin léite agat caithfidh tú an obair bhaile a dhéanamh.
Chaith sé uair a chloig ag ithe an dinnéir ach tá chuile rud ite anois aige.
Cleachtaí – Athscríobh na habairtí seo a leanas agus scríobh an leagan ceart i ngach cás:
- (i)Bhí an fear ag (deisigh) (an: bhróg) le snáthaid leathair.
- (ii)Tá na páistí ag (éist) leis an raidió.
- (iii)Bhí an feirmeoir ag (bain) (an: féar) sa ghairdín.
- (iv)Bhí mé ag (féach) ar an teilifís go dtí uair mhairbh na hoíche.
- (v)Bhí an dochtúir ag (scrúdaigh) (an: t-othar).
- (vi)Bhí an cailín ag (freagair) (an: guthán).
- (vii)Bhí mé ag (déan) (an:obair) go déanach san oíche.
- (viii)Nuair a bhí an cluiche (imir) acu d’imigh siad abhaile.
- (ix) “Nuair a bheidh tú (críochnaigh) leis an nuachtán, tabhair domsa é, más é do
thoil é.” - (x) Bhí gach éinne (imigh) abhaile nuair a tháinig mise.
Freagraí CnaG 13:
- (i)Carraig na(ii) ag ól dí . . . ag ithe úill (iii) chun na trá
(iv) in aice an dorais (v) doras an tí (vi) Coláiste Phádraig (vii) i lár an lae.