An Saorbhriathar
(a) Dún
(i) Dúntar an fhuinneog gach oíche. (ie. dúnann duine éigin í ach ní fios dúinn cé hé, cé hí (nó cé hiad) an duine/na daoine a dhúnann an fhuinneog). (Aimsir Láithreach)
(ii) Dúnadh an fhuinneog aréir. (Aimsir Chaite)
(iii) Dúnfar an fhuinneog amárach. (Aimsir Fháistineach)
(iv) Dhúnfaí an fhuinneog dá mbeadh stoirm gaoithe ag séideadh. (Modh Coinníollach)
(b) Bris
(i)Bristear adhmad chuile lá.
(ii) Briseadh an fear leisciúil as a phost ach níor briseadh an fear seiftiúil.
(iii)Brisfear adhmad amárach.
(iv)Bhrisfí an fear sin as a phost dá mbeadh sé as láthair go minic.
(c) Ól
(i) Óltar a lán fíona sa Fhrainc ach ní óltar an méid sin de sa Rúis.
(ii) Óladh beoir agus uisce beatha ag an gcóisir aréir.
(iii) Ólfar buidéal fíona le linn an dinnéir amárach.
(iv) D’ólfaí crúiscín mór uisce dá mbeadh an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Abairtí Samplacha
- Fuarthas corp na mná istigh san abhainn maidin inné.
- Goideadh an t-airgead as an seomra ranga.
- Tugadh le fios do Sheán nach raibh aon fháilte roimhe.
- Dúnmharaíodh seisear i gCorcaigh i rith na bliana.
- Rugadh an file Seán Ó Ríordáin sa bhliain 1916 agus cailleadh é sa bhliain 1977.
- Ceannaítear an nuachtán sa siopa gach maidin ach ní cheannaítear é gach oíche.
- Itheadh an mhilseog ach níor itheadh an t-iasc.
- Fágadh Síle ina haonar ach níor fágadh Neasa.
- Sábhálfar airgead le haghaidh na Nollag.
- Tógfar dhá theach nua ar an láthair sin.
Na briathra Neamhrialta
Láithreach Caite Fáistineach Modh Coinníollach
Tá táthar/níltear
Bí bítear bhíothas beifear bheifí
Ith itear itheadh íosfar d’íosfaí
Tar tagtar thángthas tiocfar thiocfaí
Téigh téitear chuathas rachfar rachfaí
Déan déantar rinneadh déanfar dhéanfaí
Faigh faightear fuarthas gheofar/faighfear gheofaí
Feic feictear chonacthas feicfear d’fheicfí
Abair deirtear dúradh déarfar déarfaí
Beir beirtear rugadh béarfar bhéarfaí
Clois cloistear chualathas cloisfear chloisfí
Tabhair tugtar tugadh tabharfar thabharfaí
Cleachtaí
- (Bris) isteach i dtithe sa chomharsanacht ag an deireadh seachtaine.
- (Faigh) corp an duine mhairbh ar thaobh na sráide aréir.
- (Tabhair) cabhair dóibh dá lorgoidís í.
- (Déan) gearán gach lá faoi dhrochstaid na mbóithre.
- (Díol) an teach sin amárach.
- Níor (fág) oiread agus duine amháin ar an oileán.
- (Tóg) an corp go dtí an séipeal tráthnóna amárach.
- An té atá thuas (ól) deoch air ach an té atá thíos (buail) cos air.
- (Déan) smidiríní den chrúiscín bainne ar maidin.
- (Tá) den tuairim anois gur gadaí is ea é.