An Modh Coinníollach Dá
An Modh Coinníollach Dá
‘Dá’ agus ‘An Modh Coinníollach’.
Úsáidtear ‘dá’/’mura’ le coinníoll dúnta (ie. Is beag seans atá ann go gcomhlíonfar an coinníoll!)
Cuireann ‘Dá’/’mura’ urú roimh thúschonsan agus n- roimh thúsguta.
Ní bhaintear úsáid as mé, tú, siad sa Mhodh Coinníollach.
Dún Bris ól
- Dhúnfainn Bhrisfinn d’ólfainn
- Dhúnfá Bhrisfeá d’ólfá
- Dhúnfadh sé/sí Bhrisfeadh sé/sí d’ólfadh sé/sí
- Dhúnfaimis Bhrisfimis d’ólfaimis
- Dhúnfadh sibh Bhrisfeadh sibh d’ólfadh sibh
- Dhúnfaidís Bhrisfidís d’ólfaidís
- Dhúnfaí Bhrisfí d’ólfaí
Samplaí
- Dá mbeadh airgead agam cheannoinn carr.
- Dá n-ólfá deoch bainne thiocfadh feabhas ort.
- Mura ndéanfainn m’obair bhaile bheadh fearg ar an múinteoir.
- Dá mbeinn i gceannas na tíre ní bheadh éinne bocht.
- Dá n-íosfá iasc bheifeá níos sláintiúla.
- Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin.
- Muna rachaimis go Corcaigh bheadh baol ann go gcaillfimis an cheolchoirm.
Cleachtaí
- (i)Dá (bris: sé) an fhuinneog (tá) fearg ar a thuismitheoirí.
- (ii)Muna (déan: sibh) an obair ní (tar) feabhas ar bith oraibh.
- (iii)Dá (imigh: mé) in am ní (tá: mé) déanach don cheolchoirm.
- (iv)Dá (tá) tart ort an (ól: tú) deoch uisce?
- (v)Cad a (déan) a máthair dá (bris: sí) a cos?
- (vi)Dá (ith: tú) an lón ní (tá) ocras ort.
- (vii)(Téigh: mé) go Páras dá (tabhair: tú) an t-airgead dom.
- (viii)Dá (beir:mé) air (maraigh:mé) é.
- (ix)(Ceannaigh: mé) carr nua agus árasán i Nice dá (buaigh: mé) an Crannchur Náisiúnta.
- (x)Muna (clois: mé) scéala uaithi roimh dheireadh na seachtaine (tabhair; mé) bata agus bóthar di.