An Dobhriathar

An Dobhriathar
Focal nó grúpa focal é an dobhriathar a cháilíonn focal (nó focail) eile seachas ainmfhocal nó forainm.

  • Dobhriathra ama: inniu, inné, amárach, anois, fadó, i mbliana; ar ball, ar maidin.
  • Dobhriathra treo: anseo, ansin, thuaidh, theas, soir, siar, suas, síos, amach, isteach
  • Dobhriathra ceisteacha: cá? Cathain? Cén áit? Conas? Cén uair?
  • Dobhriathra aidiachtacha: go ciúin, go héasca, os ard, os íseal, in éineacht, ar buile
  • Dobhriathra dearfa: go, gur
  • Dobhriathra diúltacha: ní, níor, nach, nár
  • Dobhriathra eile: beagnach, freisin, ar an bpointe, ar éigean, dáiríre, chomh maith, ach oiread
Cleachtaí – Líon na bearnaí sna habairtí seo a leanas le dobhriathra oiriúnacha:
  • Bhí cónaí ar Sheán _______ ar bharr an chnoic.
  • Rachaidh mé go Corcaigh _________.
  • Chuaigh Séan ______ sa teach agus tháinig Máire ______ as an teach.
  • ______ a bheidh tú ag dul go dtí an cluiche, a Sheáin?
  • Bhí Seán ___ ________ nuair a chonaic sé go raibh a charr nua scriosta ag na buachaillí dána.
  • Ní bheidh Tomás ann agus ní bheidh mise ann ___ ________.
  • Fadó, _____ ní raibh Éire mar atá sí anois.