An Dobhriathar
Focal nó grúpa focal é an dobhriathar a cháilíonn focal (nó focail) eile seachas ainmfhocal nó forainm.
Na Bunuimhreacha agus na hOrduimhreacha
- (i)Dobhriathra ama: inniu, inné, amárach, anois, fadó, i mbliana; ar ball, ar maidin.
- (ii)Dobhriathra treo: anseo, ansin, thuaidh, theas, soir, siar, suas, síos, amach, isteach
- (iii)Dobhriathra ceisteacha: cá? Cathain? Cén áit? Conas? Cén uair?
- (iv)Dobhriathra aidiachtacha: go ciúin, go héasca, os ard, os íseal, in éineacht, ar buile
- (v)Dobhriathra dearfa: go, gur
- (vi)Dobhriathra diúltacha: ní, níor, nach, nár
- (vii)Dobhriathra eile: beagnach, freisin, ar an bpointe, ar éigean, dáiríre, chomh maith, ach oiread
Cleachtaí – Líon na bearnaí sna habairtí seo a leanas le dobhriathra oiriúnacha:
- (i)Bhí cónaí ar Sheán _______ ar bharr an chnoic.
- (ii)Rachaidh mé go Corcaigh _________.
- (iii)Chuaigh Séan ______ sa teach agus tháinig Máire ______ as an teach.
- (iv)______ a bheidh tú ag dul go dtí an cluiche, a Sheáin?
- (v)Bhí Seán ___ ________ nuair a chonaic sé go raibh a charr nua scriosta ag na buachaillí dána.
- (vi)Ní bheidh Tomás ann agus ní bheidh mise ann ___ ________.
- (vii)Fadó, _____ ní raibh Éire mar atá sí anois.
Freagraí CnaG 14:
(i)ag deisiú na bró(ii) ag éisteacht (iii) ag baint an fhéir (iv) ag féachaint
(v) ag scrúdú an othair (vi) ag freagairt an ghutháin (vii) ag déanamh na hoibre
(viii) imeartha (ix) críochnaithe (x) imithe.