An Dara díochlaonadh
An Dara díochlaonadh
- Tá na h-ainmfhocail ar fad, nach mór, sa dara díochlaonadh baininscneach.
- Críochnaíonn siad ar chonsan leathan nó ar chonsan caol.
- Caolaítear iad sa Tuiseal Ginideach Uatha agus cuirtear ‘e’ leo.
Sampla 1: an fhuinneog
Uatha
Ainmneach: Tá an fhuinneog briste.
Tabharthach: Tháinig an liathróid tríd an bhfuinneog oscailte.
Ginideach: Bhí an buachaill dána ag briseadh na fuinneoige.
Iolra
Ainmneach: Tá na fuinneoga briste.
Tabharthach: Tháinig na liathróidí trí na fuinneoga oscailte.
Ginideach: Bhí na buachaillí dána ag briseadh na bhfuinneog.
Sampla 2: an áit
Uatha
Ainmneach: Is maith liom an áit sin.
Tabharthach: Ní raibh duine ná deoraí fágtha san áit.
Ginideach: Bhí na páistí ag rith ar fud na háite.
Iolra
Ainmneach: Is maith liom na háiteanna sin.
Tabharthach: Ní raibh duine ná deoraí fágtha sna háiteanna sin.
Ginideach: Níl éinne ag lorg na n-áiteanna sin níos mó.
Sampla 3: an tsúil
Uatha
Ainmneach: Ba bheag nár thóg sí an tsúil as a cheann.
Tabharthach: Tháinig fuil as an tsúil.
Ginideach: Chuir áilleacht na súile gliondar ar an ngarsún.
Iolra
Ainmneach: Ba bheag nár thóg sí na súile as a cheann.
Tabharthach: Tháinig fuil as na súile.
Ginideach: Bhí radharc na súl ag teip ar an seanfhear.
Cleachtaí
Scríobh amach na habairtí seo a leanas gan na lúibíní
- Níl tús (an abairt) sin ceart.
- Rith na páistí timpeall (an pháirc).
- Bhí na hÉireannaigh ag fliuchadh (an tseamróg) ar Lá Fhéile Pádraig.
- Tá an donas ar (na áiteanna) sin maidir le fuacht agus baisteach.
- Bhris sé (an carraig) le casúr.
- Tá muintir na hÉireann ar muin (an mhuc).
- Ní hé lá (an ghaoth) lá na scolb.
- Is mairg a báitear in am an anaithe mar go dtagann an ghrian i ndiaidh (an fhearthainn).
- Cá bhfuil Carraig (an tIm)?
- An ndeachaigh tú trí chró (an tSnáthaid) fós?