An Dara díochlaonadh

An Dara díochlaonadh
(i) Tá na h-ainmfhocail ar fad, nach mór, sa dara díochlaonadh baininscneach.
(ii) Críochnaíonn siad ar chonsan leathan nó ar chonsan caol.
(iii) Caolaítear iad sa Tuiseal Ginideach Uatha agus cuirtear ‘e’ leo.
Sampla 1: an fhuinneog

Uatha
Ainmneach: Tá an fhuinneog briste.
Tabharthach: Tháinig an liathróid tríd an bhfuinneog oscailte.
Ginideach: Bhí an buachaill dána ag briseadh na fuinneoige.

Iolra
Ainmneach: Tá na fuinneoga briste.
Tabharthach: Tháinig na liathróidí trí na fuinneoga oscailte.
Ginideach: Bhí na buachaillí dána ag briseadh na bhfuinneog.

Sampla 2: an áit

Uatha
Ainmneach: Is maith liom an áit sin.
Tabharthach: Ní raibh duine ná deoraí fágtha san áit.
Ginideach: Bhí na páistí ag rith ar fud na háite.

Iolra
Ainmneach: Is maith liom na háiteanna sin.
Tabharthach: Ní raibh duine ná deoraí fágtha sna háiteanna sin.
Ginideach: Níl éinne ag lorg na n-áiteanna sin níos mó.

Sampla 3: an tsúil

Uatha
Ainmneach: Ba bheag nár thóg sí an tsúil as a cheann.
Tabharthach: Tháinig fuil as an tsúil.
Ginideach: Chuir áilleacht na súile gliondar ar an ngarsún.

Iolra
Ainmneach: Ba bheag nár thóg sí na súile as a cheann.
Tabharthach: Tháinig fuil as na súile.
Ginideach: Bhí radharc na súl ag teip ar an seanfhear.

Cleachtaí

Scríobh amach na habairtí seo a leanas gan na lúibíní:

  • Níl tús (an abairt) sin ceart.
  • Rith na páistí timpeall (an pháirc).
  • Bhí na hÉireannaigh ag fliuchadh (an tseamróg) ar Lá Fhéile Pádraig.
  • Tá an donas ar (na áiteanna) sin maidir le fuacht agus baisteach.
  • Bhris sé (an carraig) le casúr.
  • Tá muintir na hÉireann ar muin (an mhuc).
  • Ní hé lá (an ghaoth) lá na scolb.
  • Is mairg a báitear in am an anaithe mar go dtagann an ghrian i ndiaidh (an fhearthainn).
  • Cá bhfuil Carraig (an tIm)?
  • An ndeachaigh tú trí chró (an tSnáthaid) fós?