An Cúigiú Díochlaonadh
Bunrialacha
- Tá na hainmfhocail sa Chúigiú Díochlaonadh baininscneach agus firinscneach,
- Críochnaíonn na hainmfhocail sa Chúigiú Díochlaonar ar ghuta (m.sh. lacha, cara, ionga, srl.) nó ar chonsan (m.sh. cathair, máthair, Nollaig, abhainn, srl).
- Críochnaíonn na hainmfhocail ar chonsan leathan sa Tuiseal Ginideach Uatha (m.sh. an lacha sciathán na lachan).
Sampla 1: An Cara (firinscneach)
Uatha:
T. Ainm: Tá an cara ag obair.
T. Tabh: ag ag gcara.
T. Gin: teach an charad.
Iolra:
T. Ainm: Tá na cairde ag obair.
T. Tabh: ag na cairde.
T. Gin: tithe na gcairde.
Sampla 2; An Abhainn (baininscneach)
Uatha:
T. Ainm: Tá an abhainn go deas.
T. Tabh: san abhainn.
T. Gin: bun na habhann.
Iolra:
T. Ainm: Tá na haibhneacha go deas.
T. Tabh: sna haibhneacha.
T. Gin: bun na n-aibhneacha.
Sampla 3: An Nollaig (baininscneach)
Uatha:
T. Ainm: Tá an Nollaig buailte linn.
T. Tabh: um Nollaig.
T. Gin: i rith na Nollag.
Iolra:
T. Ainm: Tá na Nollaigí buailte linn.
T. Tabh: um Nollaigí.
T. Gin: i rith na Nollaigí.
Cleachtaí
Scríobh amach na habairti seo a leanas gan na lúibíní:
- Tá cos (an : chathaoir) briste.
- Téann an bóthar trasna (an : chathair).
- Cá bhfuil Aifreann (an : Nollaig) ar siúl?
- Bhí sé ag féachaint isteach trí pholl (an : eochair).
- Tá (na : máthair) go léir ag cóisir (an : Nollaig)
N.B. Na hAinmfhocail Neamhrialta
Tá deich gcinn d’ainmfhocail neamhrialta sa Ghaeilge. Is mar seo a leanas a athraíonn siad
Tuis. Ainm. (uatha) /Tuis. Gin. (Uatha)/ Tuis. Ainm.(Iol)/Tuis.Gin. (Iol.)
- an bhean cos na mná na mná cosa na mban
- an teach fear an tí na tithe
- an mhí i rith na míosa na míonna
- an lá lár an lae na laethanta
- an deoch ag ól na dí na deochanna
- an leaba cois na leapan na leapacha
- Dia ar son Dé na Déithe
- an deirfiúr cos na deirféar na deirfiúracha
- an talamh cumann na talún na tailte
- an tsiúr carr na siúrach na siúracha