An Chopail ‘Is’.
An Chopail ‘Is’.
Úsáidtear an Chopail ‘Is’ mar cheangal idir fhocail.CLUASTUISCINT (40 marc)
Foirm dhiúltach: ní/níor
Foirm cheisteach: an? ar? nár?
Aimsir Láithreach Aimsir Chaite
N.B. (i)An maith leat uachtar reoite? (Aimsir Láithreach)
- Is maith liom uachtar reoite – I like ice cream
- Ar mhaith leat uachtar reoite? (Modh Coinníollach)
- Ba mhaith liom uachtar reoite – I would like (to have) ice cream
(ii)Ná déan an Chopail ‘Is’ agus an Briathar ‘Tá’ a mheascadh:
- Is fear é. Tá sé fear. X
- Is iasc é. Tá sé iasc. X
- Is cailín deas í Cáit. Tá Cáit cailín deas. X
Samplaí
- 1. Is é Cathal an buachaill a bhuaigh an duais.
- 2. Is duine iontach í Katie Taylor.
- 3. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
- 4. Is túisce deoch ná scéal.
- 5. Is binn béal ina thost.
- 6. Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ar an Astráil lá éigin.
- 7. Níor fhear láidir é Dónall de Faoite.
- 8. An scannán maith é The Bourne Legacy dar leat? Is scannán den scoth é, dar liom.
- 9. Ar mhaith leat cupán caife, a Mháire? Ba mhaith liom ach níor mhaith liom go fóill é, go raibh maith agat.
Cleachtaí
- _____olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin.
- _____ mhaith leat deoch a ól, a Dhónaill?
- Ní amhránaí é Henry Sheflin. ____ iománaí é.
- An rud ____ annamh ____ iontach.
- _____ réalt scannáin é James Dean ach _____ réalt scannáin é George Best.
- _____ iad sin na buachaillí a bhris an fhuinneog inné?
- _____ í Cáit an cailín a bhuaigh an comórtas amhránaíochta an bhliain seo caite.