An Ceathrú Díochlaonadh
Bunrialacha
- Tá na hAinmfhocail sa cheathrú díochlaonadh firinscneach agus baininscneach,
- Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ín cuid acu.
- Ainmfhocail a chríochnaíonn ar ghuta cuid eile,
- Is ionann an t-Ainmneach Uatha agus an Ginideach Uatha sa cheathrú díochlaonadh.
Sampla 1: An cailín (N.B. Tá cailín firinscneach)
Uatha
Tuis. A: Cé hí an cailín?
Tuis. T: ar an gcailín
Tuis.G: lámh an chailín
Iolra
Tuis. A: Cé hiad na cailíní?
Tuis. T: ar na cailíní
Tuis.G: lámha na gcailíní
Sampla 2: An fharraige (baininscneach)
Uatha
Tuis. A: Tá an fharraige go deas.
Tuis. T: ar an bhfarraige
Tuis.G: trasna na farraige
Iolra
Tuis. A: Níl na farraigí arda go deas.
Tuis. T: ar na farraigí
Tuis.G: trasna na bhfarraigí
Sampla 3: An oíche (baininscneach)
Uatha
Tuis. A: Tá an oíche go hálainn.
Tuis. T: san oíche i rith na hoíche
Iolra
Tuis. A: Tá na hoícheanta go hálainn.
Tuis. T: sna hoícheanta
Tuis.G: i rith na n-oícheanta
Cleachtaí
Scríobh amach na habairtí seo a leanas gan na lúibíní:
- Tá tobar uisce ag bun (an: gairdín).
- Tá (na: ceirnín) sa bhosca.
- Bhí an buachaill ag ithe (an : oráiste).
- Bhí doras (an: seomra) dúnta.
- Chonaic mé (an: ainmhí) sa (gairdín).
- Níl sí ag insint (an: fhírinne).
- Tá sí ag scríobh (an: aiste).
- Bhí sí suite cois (an: tine).
- Tá (na: cluiche) go léir thart anois.