An Briathar Saor
Sainmhíniú
Úsáidtear an Briathar Saor nuair nach eol duit cé hé/hí an gníomhaí nó cé a dhéanann an gníomh. Tá an Briathar Saor saor ó uimhir (Uatha/Iolra) agus ó phearsa (me/tú/sé/sí/sinn/sibh/siad).
Samplaí:
- Briseadh isteach i dtithe sa chomharsanacht aréir. (ie. ní heol dúinn cé a bhris isteach sna tithe).
- Dúradh go bhfuair sí bás de thaom croí. (ie. ní heol dúinn cé a dúirt é sin).
- Cuirtear an síol san earrach. (ie. ní heol dúinn cé a chuireann an síol).
- Faightear cóipleabhair saor in aisce le gach €20 a caitear. (ie. ní heol dúinn cé a fhaigheann na cóipleabhair nó cé a chaitheann an €20).
- Ólfar deochanna ag an gcóisir anocht. (ie. ní heol dúinn cé a ólfaidh na deochanna).
- Sábhálfar airgead má dhúntar gach oifig an phoist in Éirinn. (ie. ní heol dúinn cé a shábhálfaidh an t-airge).
Briathra Neamhrialta: An Briathar Saor
Briathar Aim. Chaite Aim. Láithreach Aim. Fháistineach
Abair dúradh deirtear déarfar
Feic chonacthas/ní fhacthas feictear feicfear
Faigh fuarthas/ní bhfuarthas faightear gheofar/ní bhfaighfear
Téigh chuathas/ní dheachthas téitear rachfar
Tar thángthas/níor thángthas tagtar tiocfar
Clois chualathas/níor chualathas cloistear cloisfear
Déan rinneadh/ní dhearnadh déantar déanfar
Beir rugadh beirtear béarfar
Tabhair tugadh tugtar tabharfar
Ith itheadh/níor itheadh itear íosfar
Tá ————— táthar/níltear —–
Bí bhíothas/ní rabhthas bítear/ní bhítear beifear/ní bheifear