An Aidiacht Shealbhach
An Aidiacht Shealbhach
mo ár
do bhur
a (his) a (their)
a (her)
Focail a thosaíonn le consan:
mo chapall ár gcapall
do chapall bhur gcapall
a chapall (his) a gcapall (their)
a capall (her)
Focaill a thosaíonn le guta:
m’athair ár n-athair
d’athair bhur n-athair
a athair (his) a n-athair
a hathair (her)
Samplaí
- Rinne sí a cuid oibre ar maidin.
- Ár n-athair atá ar neamh, go naofar d’ainm.
- Chuir sé a mhála ar a dhroim agus amach an doras leis.
- Tá siad ina gcónaí i lár na cathrach.
- “Fágaigí an doras oscailte i bhur ndiaidh, a bhuachaillí.”
Cleachtaí
- D’fhág Treasa a (eochracha) ina (diaidh) sa chistin.
- Tá an cailín ina (suí) cois tine.
- Seo é mo (cara) Dónall agus a (aintín) Rós agus a (uncail) Liam.
- Rinne siad a (cuid) oibre go dícheallach.
- Chuir sé a (cóta) air.