Téipscript Shamplach agus Trial Cluastuisceana don Teastas Sóisearach
2.TÉIPSCRIPT CHLUASTUISCEANA DON TEASTAS SÓISEARACH – ARDLEIBHÉAL AGUS GNÁTHLEIBHÉAL
Scrúdú an Teastais Shóisearaigh 2013.
Téipscript
Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
Cuid A
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An Chéad Chainteoir
Caidé mar atá sibh? Seán Mac an Bhaird ag labhairt libh. Tá mé i mo chónaí i gCloch Cheannfhaola i gContae Dhún na nGall. Is iascaire é m’athair is tá a bhád iascaireachta féin aige. ‘Réalt na Mara’ an t-ainm atá air. Bíonn sé ag iascaireacht chuile lá nach mór ó Aibreán go Deireadh Fómhair. Is bean tí í mo mháthair ach oibríonn sí in Óstán na Rosann gach oíche Aoine agus oíche Shathairn. ‘Sé an caitheamh aimsire is fearr liom ná peil Ghaelach a imirt. Imrím ar fhoireann na scoile fosta.
An Dara Cainteoir
Cén chaoi a bhfuil sibh? Caitlín Ní Chatháin is ainm dom. Is as Béal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo mé. Táim cúig bliana déag d’aois. Táim ag freastal ar Choláiste Muire i dTuar Mhic Éadaigh. Is aoibhinn liom an scoil. Tá sé suite ar bhruach na farraige. Is iad na hábhair is fearr liom ná Gaeilge agus Tíreolas. Is fuath liom Mata agus Fraincis. Imrím camógaíocht agus haca. Tá suim mhór agam i gcúrsaí faisin. Ba mhaith liom bheith i mo mhainicín nuair a fhágfaidh mé an scoil.
CUID B
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Fógra
Beidh Pobalscoil Charna agus Gairmscoil na bPiarsach Ros Muc páirteach sa bhFéile Idirnáisiúnta Filíochta Cúirt i mbliana. Jackie Mac Donnacha agus Máire Holmes atá i mbun na gceardlanna filíochta agus próis sna scoileanna seo faoi láthair. Is cuid den Chiorcal Scríbhneoireacht Cruthaíoch do dhaoine óga atá eagraithe ag Pléaráca Teo an cheardlann seo. Cuirfidh daoine óga dánta agus scéalta i láthair don ócáid dhátheangach seo i dteannta scoláirí ó dhá scoil cathrach, Scoil Naomh Éinne, Bóthar na Trá agus Meánscoil Naomh Muire, Gaillimh. Is in Ionad Ealaíon Oileán Ealtranach a bheidh an ócáid ar siúl ar an Déardaoin 21 agus ar an Aoine an 22 Aibreán óna 2 – 4p.m.
Píosa Nuachta
Bhí Éigse cheoil Dhiarmaid Uí Shúilleabháin ar siúl i gCúil Aodha, Baile Bhuirne an deireadh seachtaine seo caite. Is é seo an ceathrú Éigse déag i gcuimhne ar an sárchraoltóir agus an sár-amhránaí Diarmaidín ‘Mhaidhcí’ Ó Súilleabháin. Bhí Diarmaid ag obair le Raidió na Gaeltachta agus ina chónaí i nGaeltacht Chiarraí nuair a fuair sé bás.
CUID C
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a hAon
An Chéad Mhír
Íde: Haló, a Dhónaill. Íde Ní Laoire anseo.
Dónall: ‘Dté do bheatha, a Íde. Goidé mar atá tú? Chuala mé go ndeachaigh tú go Páras
ag an deireadh na seachtaine.
Í: Sea, bhí mé ann le mo mháthair.
D: Inis dom faoi, a Íde.
Í: Bhuaigh mé duais agus bhí cead agam duine eile a thabhairt liom.
D: Duais! Níor chuala tada faoi dhuais ar bith.
An Dara Mír
Í: Chuir mé isteach ar chomórtas aiste Fraincise a bhí á eagrú ag an Alliance
Francaise i mBaile Átha Cliath. Scríobh mise aiste as Fraincis ar an ábhar
‘Cuairt a thug mé ar Disneyland, Páras.’ An gcreidfeá é, a Dhónaill, ach nár
bhuaigh mise an chéad duais.
D: Maith thú! Nach cliste an ghírseach tú!
Í: An rud a fuair mé don chéad duais ná deireadh seachtaine saor in aisce do
bheirt i bPáras maraon le trí chéad Euro le caitheamh.
D: Agus ar thaitin an deireadh seachtaine libh?
Í: Thar cionn ar fad. Thugamar cuairt ar Disneyland agus ar an Tour Eiffel agus
ar Notre Dame chomh maith le go leor áiteanna eile. Ansin bhíomar ag cúrsáil ar
an Seine . . .
D: Ná habair níos mó ! Faid a bhí mise ag cuidiú le mo dhaid sa ghairdín!
Comhrá a Dó
An Chéad Mhír
Príomhoide: Coláiste Mhuire anseo. Is mise Bean Uí Shé, an príomhoide. An féidir liom
cuidiú leat?
Tomás: Tomás Ó Néill anseo. Táim i Rang an Teastais Shóisearaigh. Ní féidir
liom dul ar scoil inniu, a Bhean Uí Shé.
P: Caidé tá cearr leat, a Thomáis?
T: Níl aon rud ícheart liomsa. Faraor thit mo mháthair anuas an staighre
ar maidin inniu. Ghortaigh sí a cos agus ní féidir léi tada a dhéanamh di féin.
Chuir mise glaoch ar an dochtúir. Beidh sé anseo i gceann uair an chloig.
An Dara Mír
P: An féidir le do mham an fón a fhreagairt?
T: Ní féidir. Ach dúirt sí liom go gcuirfidh sí glaoch ort maidin amárach chun
an scéal a d’inis mise duit a chinntiú.
P: Cá bhfuil d’athair?
T: Tá m’athair imithe go dtí an Bhruiséal ar thuras gnó. Ní bheidh sé ag
teacht abhaile go dtí Dé hAoine. Chuir mé glao air deich nóiméad
ó shin.
P: Nach iontach an buachaill tú! Tabhair aire mhaith do do mháthair bhocht
agus feicfidh mé ar scoil Dé Luain arís thú. Slán anois.
T: Slán leat, a Bhean Uí Shé.
3.TRIAIL CHLUASTUISCEANA DON TEASTAS SÓISEARACH, ARD 2013
GAEILGE (ARDLEIBHÉAL)
CLUASTUISCINT (40 marc)
Am: 20 Nóiméad
ROINN 1 / CLUASTUISCINT / 40 MARC
N.B. Ní mór na freagraí ar fad a scríobh i nGaeilge.
CUID A
Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach giota a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.
1. An Chéad Cainteoir
- Ainm Seán Mac an Bhaird
- Cá bhfuil cónaí ar Sheán?
- Breac síos dhá phointe eolais
- i dtaobh a athar.
- Cá oibríonn a mháthair?
- An caitheamh aimsire is fearr leis
2. An Dara Cainteoir
- Ainm Caitlín Ní Chatháin
- Cad as do Chaitlín?
- Cá bhfuil an scoil suite?
- Cad iad na hábhair gur fuath léi?
- Cluiche amháin a imríonn sí
- Cén tslí bheatha ba mhaith le Caitlín?
CUID B
Cloisfidh tú fógra agus píosa nuachta sa chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann acu a fhreagairt.
FÓGRA
- (a) Ainmnigh an Fhéile.
- (b) Luaigh dhá phointe eolais i dtaobh na ceardlainne filíochta agus próis.
- (i)
- (ii)
- (c) Cathain a bheidh an ócáid ar siúl?
PÍOSA NUACHTA
- 1. Cá mbeidh Éigse Dhiarmaid Uí Shúilleabháin ar siúl?
- 2. Cá raibh Diarmaid Ó Súilleabháin ag obair?
CUID C
Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír an dara huair. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun seans a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.
COMHRÁ A hAON
An Chéad Mhír
- (a) Cá raibh Íde ag an deireadh seachtaine?
An Dara Mír
- (b) Cén teideal a bhí ar an aiste a scríobh sí?
- (c) Cad a fuair Íde don chéad duais?
CÓMHRÁ A DÓ
An Chéad Mhír
- 1. Cad chuige nach bhfuil Tomás ar scoil inniu?
An Dara Mír
- 2. Cá bhfuil athair Thomáis?
- 3. Cathain a bheidh sé ag teacht abhaile?
GAEILGE (GNÁTHLEIBHÉAL)
CLUASTUISCINT (40 marc)
Am: 20 Nóiméad
ROINN 1 – CLUASTUISCINT 40 MARC
N.B. Bíodh na freagraí i nGaeilge ach amháin nuair nach gá sin.
CUID A
Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach giota a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.
An Chéad Chainteoir
- Ainm / Seán Mac an Bhaird
- Cá bhfuil sé ina chónaí?
- Cén tslí bheatha atá ag a athair?
- An caitheamh aimsire is fearr leis.
An Dara Cainteoir
- Ainm / Caitlín Ní Chatháin
- Cén aois í?
- Cad iad na hábhair is fearr léi?
- Luaigh cluiche amháin a imríonn sí.
CUID B
Cloisfidh tú fógra agus píosa nuachta sa chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann acu a fhreagairt.
Fógra
____________ _____________ ___________ ___________
pic of school pic of writing pic of fashion pic of school
sport’s day workshop for kids show play
____________ ______________ ___________ __________
- 1. Cén pictiúr a théann leis an bhfógra seo?
- 2. Cad a chuirfidh na daoine óga i lathair?
- (a) Cóipleabhair agus pinn
- (b) Aistí agus litreacha
- (c) Dánta agus scéalta
- (d) Pictiúir agus drámaí
Píosa Nuachta
____________ _____________ ___________ ___________
Pic of trad. pic of Irish pic of trad pic of trad
music session dancing sess crafts sess Irish market
____________ ______________ ___________ __________
- 1. Cén pictiúr a théann leis an bpíosa seo?
- 2. Cá raibh Diarmaid Ó Súilleabháin ag obair?
- (a) Le Raidió Lucsamburg
- (b) Le Raidió na Life
- (c) Le Raidió na Gaeltachta
- (d) Le Raidió Chorcaí
CUID C
Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír an dara huair. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun seans a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.
Comhrá a hAon
An Chéad Mhír
____________ _____________ ___________ ___________
London Paris Rome New York
____________ ______________ ___________ __________
- 1. Cá raibh Íde?
An Dara Mír
- 1. Chuir Íde isteach ar chomórtas. Cén chomórtas?
- (a) Comórtas ceoil Fraincise
- (b) Comórtas aiste Fraincise
- (c) Comórtas faisin Fraincise
- (d) Comórtas ealaíne Fraincise
Comhrá a Dó
An Chéad Mhír
____________ _____________ ___________ ___________
pic of boy pic of mother pic of boysick in bed on crutches
falling down sleeping out stairs
____________ ______________ ___________ __________
- 1. Cén fáth a mbeidh Tomás as láthair
An Dara Mír
- 1. Cá bhfuil athair Thomáis?
- (a) Sa bhaile
- (b) Sa Bhruiséal
- (c) San oifig
- (d) Sa charr