Téipscript don Teastas Sóisearach
Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal
Triail Chluastuisceana
Tá trí chuid sa triail seo: Cuid A, Cuid B agus Cuid C./strong>
Cuid A
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.
An Chéad Chainteoir
Cén chaoi a bhfuil sibh? Deasún Mac Einrí is ainm dom. Is as Leitir Móir, Co. na Gaillimhe mé. Táim cúig bliana déag d’aois. Táim ag freastal ar Choláiste Muire. Is aoibhinn liom an scoil sin. Tá sé suite ar bhruach na farraige. Is iad na hábhair is fearr liom ná Gaeilge agus Stair. Is fuath liom Mata agus Fraincis. Imrím peil Ghaelach agus sacar. Tá suim mhór agam i gcúrsaí feirmeoireachta. Ba bhreá liom post a fháil mar thréidlia nuair a fhágfaidh me an scoil.
An Dara Cainteoir
Caidé mar atá sibh? Neasa Nic an Bhaird is ainm dom. Tá cónaí orm sna Gleanntaí i dTír Chonaill. Iascaire é m’athair agus tá trálaeir mór aige. ‘Faoileán na Mara’ an t-ainm atá air. Oibríonn sé ó dhubh go dubh i rith an tsamhraidh. Tá beirt dheartháir – Conall agus Cathal – agam agus deirfiúr amháin – Róise. Ní thaitneann an scoil liom. Is maith liom Gaeilge agus Béarla, ach is fuath liom gach ábhar eile. Ta suim mhór agam sa spórt agus imrím haca, leadóg agus cispheil. Beidh mé ag dul go Nua Eabhrac an samhradh seo chugainn ar mo laethanta saoire. Tá post ag Conall thall ansin.
CUID B
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.
Fógra
Beidh léiriú drámata de Íosagán, gearrscéal de chuid an Phiarsaigh, ar siúl in Amharclann Siamsa Tíre i dTrá Lí ón seachtú go dtí an naoú lá d’Aibreán. Cosnaíonn na ticéid don léiriú €10. Is féidir iad a chuir in áirithe trí ríomhphost a sheoladh chuig: [email protected] nó glao ar: 066-7123055. Is féidir iad a cheannach ag an amharclann chomh maith . Bunaíodh Siamsa Tíre sa bhliain 1974 agus tá sé ag freastal ar an bpobal ó shin i leith.
Píosa Nuachta
Tá foireann scannánaíochta de dheichniúr ón Iodáil ar Inis Mór, Árainn, le seachtain anuas. Tá siad ag déanamh clár faisnéise faoi áiteachtaí éagsúla ar an oileán do chomhlacht teilifíse san Iodáil. Níl ag eirí ró-mhaith leo, áfach, de bharr na drochaimsire. Tá bád agus héileacaptar ag freastal orthu.
CUID C
Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.
Comhrá a hAon
An Chéad Mhír
Úna: Haló, a Bhriain. Úna Ní Threasaigh anseo.
Brian: ‘Dté do bheatha, a Úna. Goidé mar atá tú? Chuala mé go ndeachaigh tú go Páras
ag an deireadh seachtaine.
Ú: Sea, bhí mé ann le mo mháthair.
B: Inis dom faoi, a Úna.
Ú: Bhuaigh mé duais agus bhí cead agam duine eile a thabhairt liom.
B: Duais! Níor chuala mise tada faoi dhuais ar bith.
An Dara Mír
Ú: Chuir mé isteach ar chomórtas aiste Fraincise a d’eagraigh an Alliance
Francaise i mBaile Átha Cliath. Scríobh mise aiste as Fraincis ar an ábhar
‘Cuairt a thug mé ar Disneyland, Páras.’ An gcreidfeá é, a Bhriain, ach nár
bhuaigh mise an chéad duais.
B: Maith thú! Nach cliste an cailín tú!
Ú: An rud a fuair mé don chéad duais ná deireadh seachtaine saor in aisce do
bheirt i bPáras chomh maith le cúig céad Euro le caitheamh.
B: Agus ar thaitin an deireadh seachtaine libh?
Ú: Thar cionn ar fad. Thugamar cuairt ar Disneyland agus ar an Tour Eiffel agus
ar Notre Dame agus ar mhórán áiteanna eile. Ansin bhíomar ag cúrsáil ar
an Seine . . .
B: Ná habair a thuilleadh! Faid a bhí mise ag cuidiú le mo dhaid sa ghairdín!
Comhrá a Dó
An Chéad Mhír
Príomhoide: Coláiste Bhríde anseo. Is mise Bean Uí Néill, an príomhoide. An féidir liom
cuidiú leat?
Dónall: Dónall de Faoite is ainm dom. Táim i Rang an Teastais Shóisearaigh. Ní féidir
liom dul ar scoil inniu, a Bhean Uí Néill.
P: Cad atá cearr leat, a Dhónaill?
D: Níl aon rud cearr liomsa. B’amhlaidh a thit m’athair anuas an staighre
ar maidin. Ghortaigh sé a cos agus ní féidir leis tada a dhéanamh dó féin.
Chuir mise glaoch ar an dochtúir. Beidh se anseo i gceann uair an chloig.
An Dara Mír
P: An féidir le do dhaid an fón a fhreagairt?
D: Ní féidir. Ach dúirt sé liom go gcuirfidh sé glao ort maidin amárach chun
an scéal a d’inis mise duit a fhíoradh.
P: Cá bhfuil do mham?
D: Tá sí imithe go Londain ar thuras gnó. Ní bheidh sí ag
teacht abhaile go dtí Dé Sathairn. Chuir mé glao uirthi deich nóiméad
ó shin.
P: Nach iontach an buachaill tú! Tabhair aire mhaith dod dhaid bocht
agus feicfidh mé ar scoil Dé Luain arís thú. Slán anois.
D: Slán leat, a Bhean Uí Néill.
Sin deireadh na trialach. Slán agaibh!
TRIALACHA CLUASTUISCEANA (ARDLEIBHÉAL) AGUS (GNÁTHLEIBHÉAL)
CLUASTUISCINT (40 marc)
Am: 20 Nóiméad
ARDLEIBHÉAL CLUASTUISCINT (40marc)
N.B. Ní mór na freagraí ar fad a scríobh i nGaeilge.
CUID A
Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach píosa a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.
1. An Chéad Cainteoir
- Ainm / Deasún Mac Einrí
- Cén aois é Deasún?
- Cá bhfuil sé ag dul ar scoil?
- Ábhar amháin a thaitníonn le Deasún.
- An post is fearr leis.
2. An Dara Cainteoir
- Ainm / Neasa Nic an Bhaird
- Cá bhfuil cónaí ar Neasa?
- Breac síos dhá phointe eolais / (i)
- i dtaobh a hathar. / (ii)
- Cé mhéad deirfiúr atá aici?
- Cá mbeidh sí ag dul ar a laethanta saoire?
CUID B
Cloisfidh tú fógra agus píosa cainte sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann a chloisfidh tú chun deis a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann a fhreagairt.
FÓGRA
- Cá mbeidh an léiriú ar siúl?
- Bealach amháin gur féidir leat ticéid a chur in áirithe don léiriú.
- An bhliain a bunaíodh Siamsa Tíre.
PÍOSA NUACHTA
- 1. Cé atá ar Inis Mór le seachtain anuas?
- 2. Cén sórt oibre atá ar siúl acu?
CUID C
Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun deis a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.
Comhrá a hAon
An Chéad Mhír
- (a) Cá raibh Úna ag an deireadh seachtaine?
An Dara Mír
- (b) Cé a d’eagraigh an comórtas aiste Fraincise?
- (c) Rud amháin a rinne Úna le linn na deireadh seachtaine i bPáras.
CÓMHRÁ A DÓ
An Chéad Mhír
- 1. Cén timpiste a tharla d’athair Dhónaill?
An Dara Mír
- 2. Cá bhfuil máthair Dhónaill?
- 3. Cathain a bheidh sí ag teacht abhaile?
DEIREADH LE TRIAIL ARDLEIBHÉAL
GAEILGE (GNÁTHLEIBHÉAL)
CLUASTUISCINT (40 marc)
Am: 20 Nóiméad
GNÁTHLEIBHÉAL CLUASTUISCINT (40 marc)
N.B. Bíodh na freagraí i nGaeilge ach amháin nuair nach gá sin.
CUID A
Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach píosa a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.
An Chéad Chainteoir
- Ainm / Deasún Mac Einrí
- Cá bhfuil cónaí ar Dheasún?
- Cá bhfuil sé ag dul ar scoil?
- Cluiche amháin a imríonn sé.
An Dara Cainteoir
- Ainm / Neasa Nic an Bhaird
- Cén tslí bheatha atá ag a hathair?
- An t-ainm atá ar an trálaeir atá aige.
- Ábhar scoile amháin a thaitneann léi.
CUID B
Cloisfidh tú fógra agus píosa cainte sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann a chloisfidh tú chun deis a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann a fhreagairt.
FÓGRA
- 1. Cad a bheidh ar siúl i Siamsa Tíre?
- (a) léiriú fileata
- (b) léiriú faiseanta
- (c) léiriú drámata
- (d) léiriú ealaíne
- 2. Cathain a bunaíodh Siamsa Tíre?
- (a) 1973
- (b) 1974
- (c) 1975
- (d) 1976
PÍOSA NUACHTA
- 1. Cén sórt cláir atá á dhéanamh acu?
- (a) clár oibre
- (b) clár adhmaid
- (c) clár ceoil
- (d) clár faisnéise
- 2. Cén sórt aimsire atá ann?
- (a) fíoraimsir
- (b) drochaimsir
- (c) dea-aimsir
- (d) bréagaimsir
CUID C
Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun deis a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.
Comhrá a hAon
An Chéad Mhír
- 1. Cé a bhí i bPáras in éineacht le hÚna?
- (a) a hathair
- (b) a cara
- (c) a máthair
- (d) Brian
An Dara Mír
- 2. Cé mhéad airgid a fuair Úna le caitheamh?
- (a) €400
- (b) €500
- (c) €600
- (d) €700
CÓMHRÁ A DÓ
An Chéad Mhír
- 1. Cad a ghortaigh athair Dhónaill?
- (a) a lámh
- (b) a dhroim
- (c) a ghlúin
- (d) a chos
An Dara Mír
- 2. Cá bhfuil máthair Dhónaill?
- (a) san oifig
- (b) i Londain
- (c) san ospidéal
- (d) sa bhaile