Scrúdú an Teastas Shóisearaigh 2013

SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2013

GAEILGE (ARDLEIBHÉAL)

CLUASTUISCINT (40 marc)

N.B. Ní mór na freagraí ar fad a scríobh i nGaeilge.

CUID A

Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach píosa a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.

1. An Chéad Chainteoir
  • Ainm / Fionnán Ó Baoill
  • Cár rugadh Fionnán?
  • Cén post atá ag a mháthair?
  • Cá bhfuil a dheirfiúr ag obair?
  • Cé a bhuaigh an bonn óir?
  • Na cluichí a thaitníonn le Fionnán.
2. An Dara Cainteoir
  • Ainm / Deirdre Nic Eoin
  • Cad as do Dheirdre?
  • Breac síos dhá phointe eolais i dtaobh a cúrsaí scoile.
    • (i)
    • (ii)
  • Cad a rinne sí an samhradh seo caite?
  • An tslí bheatha is fearr léi?
CUID B

Cloisfidh tú fógra agus píosa nuachta sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann acu a fhreagairt.

Fógra a hAon
  • 1. Cá mbeidh an díolachán saothair ar siúl?
  • 2. Luaigh dhá phointe eolais i dtaobh an díolacháin saothair.
    • (i)
    • (ii)
  • 3. Cad a tharlóidh má cheannaíonn tú ticéad don chrannchur?
Píosa Nuachta
  • 1. Píosa amháin eolais faoi na boinn Oilimpeacha ata ag Michael Phelps.
  • 2. Cathain agus cén áit ar rugadh Michael Phelps?
CUID C

Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun deis a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.

Comhrá a hAon
An Chéad Mhír
  • 1. Cad chuige a raibh díomá mhór ar Ghearóid?
  • 2. Conas a bhfuil aithne ag Cáit ar Katie Taylor?
An Dara Mír
  • 3. Pointe amháin eolais a dhéanann Cáit i dtaobh Katie Taylor.
Comhrá a Dó
An Chéad Mhír
  • 1. Cad atá ag teastáil ó Chathal?
An Dara Mír
  • 2. Breac síos dhá rud a bhfuil sé i gceist aige a cheannach dá mhathair.
  • 3. Cén sórt cumhráin a mholann Aoife dó a cheannach?
SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH 2013

GAEILGE (GNÁTHLEIBHÉAL)

CLUASTUISCINT (40 marc)

N.B. Bíodh na freagraí i nGaeilge ach amháin nuair nach gá sin.

CUID A

Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach píosa a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.

1. An Chéad Chainteoir
  • Ainm / Fionnán Ó Baoill
  • Cá bhfuil cónaí ar Fhionnán anois?
  • Cén post atá ag a athair?
  • Cad a bhuaigh Katie Taylor?
  • Cé a bhuaigh an bonn óir?
  • Na cluichí a thaitníonn le Fionnán.
2. An Dara Cainteoir
  • Ainm / Deirdre Nic Eoin
  • Cén aois í?
  • Cá bhfuil sí ag dul ar scoil?
  • Na hábhair is fearr léi.
CUID B

Cloisfidh tú fógra agus píosa nuachta sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann acu a fhreagairt.

Fógra
  • 1. Cén pictiúr a théann leis an bhfógra seo?
  • 2. Má cheannaíonn tú ticéad don chrannchur gheobhaidh tú:
    • (A) dlúthdhiosca saor in aisce
    • (B) leabhar saor in aisce
    • (C) éadaí saor in aisce
    • (D) t-léine saor in aisce
Píosa Nuachta
  • 1. Cén pictiúr a théann leis an bpíosa seo?
  • 2. Cé mhéad bonn óir atá buaite aige?
    • (A) 16
    • (B) 18
    • (C) 20
    • (D) 22
CUID C

Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun deis a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.

Comhrá a hAon
An Chéad Mhír
  • 1. Cé atá ina chónaí in aice le Cáit?
An Dara Mír
  • 2. Cathain a rachaidh Cáit go dtí Rio de Janeiro?
    • (A) sa bhliain 2016
    • (B) sa bhliain 2017
    • (C) sa bhliain 2018
    • (D) sa bhliain 2019
Comhrá a Dó
An Chéad Mhír
  • 1. Cad atá a lorg ag Cathal?
An Dara Mír
  • 2. Cad atá i gceist ag Cathal a cheannach dá mháthair?
    • (A) cárta agus buidéal bainne
    • (B) carr agus buidéal seaimpéin
    • (C) cárta agus buidéal cumhráin
    • (D) cárta agus buidéal oráiste