Scrúdú an Teastas Shóisearaigh 2012

Scrúdú an Teastas Shóisearaigh 2012

Téipscript

Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal

Cuid A

Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.

An Chéad Chainteoir

Haló, a chairde. Sorcha Ní Mhurchú ag caint libh. Táim anseo in Ospidéal an Bons Secours i gCorcaigh le seachtain anuas. Thit mé de mo rothar ar mo bhealach abhaile ón scoil seachtain ó shin agus bhris mé mo lámh chlé agus ghortaigh mé mo chos. Táim i mo chónaí i dTobar Rí an Domhnaigh agus táim ag freastal ar an Mainistir Thuaidh. Beidh mé ag dul abhaile amárach ach ní bheidh mé ag filleadh ar an scoil go dtí Dé Luain, an séú lá déag d’Aibreán. Caithim uair an chloig ag staidéar gach lá.

An Dara Cainteoir

Caidé mar atá sibh? Bairbre Nic Ionraic ag labhairt libh. Táim sé bliana déag d’aois.Tá mé i mo chónaí i gCloch Cheannfhaola i gContae Dhún na nGall. Is feirmeoir é m’athair. Tá feirm mhór aige. Cothaíonn sé ba, caoirigh, muca agus cearca. Bíonn sé ag obair ó dhubh go dubh seacht lá na seachtaine. Is múinteoir bunscoile í mo mháthair agus tá sí ag múineadh i Leitir Ceanainn.’Sé an caitheamh aimsire is fearr liom ná éisteacht le ceol. Téim chuig ceolchoirmeacha go minic le mo chairde.

CUID B

Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.

Fógra

Beidh Pobalscoil Charna agus Gairmscoil na bPiarsach Ros Muc páirteach sa bhFéile Idirnáisiúnta Filíochta Cúirt i mbliana. Jackie Mac Donnacha agus Máire Holmes atá i mbun na gceardlanna filíochta agus próis sna scoileanna seo faoi láthair. Is cuid den Chiorcal Scríbhneoireacht Cruthaíoch do dhaoine óga atá eagraithe ag Pléaráca Teo an cheardlann seo. Cuirfidh daoine óga dánta agus scéalta i láthair don ócáid dhátheangach seo i dteannta scoláirí ó dhá scoil cathrach, Scoil Naomh Éinne, Bóthar na Trá agus Meánscoil Naomh Muire, Gaillimh. Is in Ionad Ealaíon Oileán Ealtranach a bheidh an cheardlann ar siúl ar an Déardaoin 21 agus ar an Aoine an 22 Aibreán óna 2 – 4p.m.

Píosa Nuachta

Bhí Féile Chathal Buí ar siúl i mBéal Cú, Contae Fhear Manach agus i mBlaic, Contae an Chabháin an deireadh seachtaine seo caite. I measc imeachtaí na féile bhí léamh filíochta cois tine agus neart ceoil tradisiúnta agus idirnáisiúnta.

CUID C

Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.

Comhrá a hAon

An Chéad Mhír
Séamas: Dia duit, a Úna.
Úna: Dia is Muire duit, a Shéamais. Bhí mé ag súil le glao uait. Conas a thaitin an
cheolchoirm leat?
S: Is banna ceoil den scoth iad Coldplay. Bhí siad go hiontach ar fad. Creidim féin
go mbeidh siad chomh maith le U2 lá éigin.
U: Ní dóigh liom é. Ní thaitníonn a gcuid ceoil liom ar chor ar bith. Chonaic mé iad ar
an teilifís oíche Dé hAoine seo caite. Ní raibh siad go maith.

An Dara Mír

S: Ní aontaím leat. Cén ghrúpa ceoil is fearr leatsa mar sin?
Ú: Tá One Direction thar barr, dar liom. Dála an scéil beidh siad ag teacht go dtí
an O2 an samhradh seo chugainn. Beidh mise ann.
S: Ní bheidh mise ann. Dá mbeidis ag seinm i Halla na Scoile fiú ní rachainn ag
éisteacht leo.
Ú: Amadán! Ní thuigeann tusa cad is ceol maith ann.
S: Ceol! An dtuigeann One Direction cad is ceol ann? Sin an cheist mhór!

Comhrá a Dó
An Chéad Mhír

Bainisteoir:Dia dhuit. Tar isteach. An bhféadfainn cabhrú leat?
Eoin: Ba mhaith liom a bheith i mo bhall den chlub seo. Is mise Eoin Mac Ruairí,
dála an scéil.
B. Á, a Eoin, tá fáilte romhat. Cén aois thú?
E: Táim cúig bliana déag d’aois.
B. Cad chuige ar mhaith leat a bheith sa chlub seo?
E: Tá spéis mhór agam i gcúrsaí spóirt. Tá cara liom sa chlub agus dúirt sé liom go
bhfuil na háiseanna ar fheabhas anseo agus go bhfuil atmaisféar iontach ann..
B: Cad iad na cluichí a imríonn tú?
E: Imrím sacar, leadóg, cispheil agus liathróid láimhe.

An Dara Mír

B: An-mhaith go deo. Bhuel, tá páirc imeartha sacair againn anseo, cúirteanna
leadóige agus liathróid láimhe freisin. Ta linn snámha mór againn chomh maith.
An bhfuil snámh agat?
E: Is breá liom a bheith ag snámh.
B: An-mhaith mar sin. Tabharfaidh mé foirm iarratais duit le líonadh isteach agus
caithfidh tú táille €25 a íoc chun clárú gach bliain. An bhfuil sé sin ceart go leor?
E: Tá sé sin go breá ar fad.