Litir ghearáin le podchraoladh.
Páipéar 11 ROINN 111 LITIR 30 marc
(iv)Ceist 5. LITIR
I do litir luaigh:
na foirne a bhí ag imirt an chluiche agus an áit a raibh sé ar siúl
dhá chúis a raibh tú sásta leis an réiteoir
gearán amháin a bhí ag na daoine go léir faoin réiteoir
moladh amháin uait a chabhródh le réiteoirí, dar leat
Márta.
A Eagarthóir Spóirt, a chara,
Beatha agus sláinte. Dónall de Faoite is ainm domsa agus ta suim mhór agam sa spórt, go háirithe sa pheil Ghaelach agus san iománaíocht. Táim ag freastal ar Choláiste Chríost Rí anseo sa chathair. Dé Domhnaigh seo caite chuaigh mé go Páirc Uí Chaoimh chun breathnú ar chluiche peile idir na Piarsaigh agus na Fianna. Cluiche crua ach cluiche breá spórtúil a bhí ann, dar liom.
Bhí mé sásta leis an réiteoir. Ar an gcéad dul síos thug sé cothrom na Féinne don dá fhoireann agus lig sé don chluiche dul ar aghaidh gan cur isteach ar an imirt. Ar an dara dul síos thug sé cic pionóis do na Fianna mar bhí sé tuillte acu, im thuairimse, mar bhí sé an-soiléir go deo gur cic pionóis a bhí ann.
Ar ndóigh, ní raibh lucht leanúna na Piarsaigh sásta gur cic pionóis a bhí ann agus thug siad íde na muc is na madraí don réiteoir bocht dá bharr. Mar an gcéanna nuair a cuireadh imreoir de na Fianna den bpáirc as calaois uafásach a dhéanamh ar imreoir de chuid na Piarsaigh, bhí lucht leanúna na Fianna le ceangal. Cheap gach éinne go raibh an réiteoir i bhfad ró-chrua ar na himreoirí ach ní aontaímse go raibh sé. Bhí sé ar fheabhas, dar liom.
Tá post an-chrua ag an réiteoir, dar liom agus mar atá cúrsaí faoi láthair bíonn gach éinne ag caitheamh anuas air. Ní féidir leis buachan. Ba cheart go mbeadh ceamairí ar an taobhlíne nó ar an gcúl-líne chun tacú leis an réiteoir bocht chun a aigne a dhéanamh suas an cic pionóis a bhíonn ann nó nach ea. Chuideódh sé seo go mór le réiteoirí, dar liom.
Is mise,
Le meas,
Dónall de Faoite.