Díospóireacht/Óráid le podchraoladh
(ii)C Díospóireacht/Óráid
Scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar són nó in aghaidh an rúin seo a leanas:
A chathaoirligh, a mholtóirí, a mhúinteoirí agus a chomhscoláirí ba mhaith liom a rá láithreach bonn go bhfuilim go huile is go hiomlán ar son an rúin seo, ‘Is fiú go mór saoire a chaitheamh in Éirinn’. Táim ar son an rúin, a chairde, mar go bhfuil sé fíor. Lomlár na fírinne atá ann, a dhaoine uaisle. Is fiú go mór saoire a chaitheamh sa tír seo mar gur tír iontach í Éire. Ní fhéadfá tír níos fearr ná í a fháil ar chlár na cruinne. Cén fáth go mbeifeá ag smaoineamh ar shaoire a chaitheamh i dtír ar bith eile nuair a bheadh ar do chumas saoire a chaitheamh anseo?
Tá a lán buntáistí ag baint le hÉinn mar ionad saoire. Daoine fiala, fáilteacha iad muintir na hÉireann agus cuireann siad fíorchaoin fáilte i gcónaí roimh chuairteoirí a thagann go hÉirinn. Is breá le cuairteoirí agus le turasóirí an céad míle fáilte. Cuireann sé ar a suaimhneas iad agus braitheann siad go bhfuil siad sa bhaile arís. Is liosta le háireamh iad na buanna atá ag Éirinn mar ionad saoire. Ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta tá na praghasanna laghdaithe go mór agus ní tír chostasach í Éire a thuilleadh. Ní bhíonn na hóstáin ró-chostasach agus tá áiseanna iontacha acu don turasóir.
Tá nua gach bia agus sean gach dí againn sa tír seo anois, ar ndóigh, is aoibhinn leis na turasóirí an timpeallacht ghlan agus áilleacht an dúlra. Beidh lucht an fhreasúra ag rá libh nach bhfuil an aimsir thar mholadh beirte ach tugaigí cluas bhodhar dóibh siúd, a chairde, mar níl tuairim acu i dtaobh buanna na tíre seo. Bíonn na turasóirí beag beann ar an aimsir ach is aoibhinn leo an ceol, an cultúr, an bia, an deoch, an oidhreacht stairiúil, an fháilte chroíúil agus thar ní ar bith eile an saol suaimhneach agus an comhluadar breá.
Is í 2013 Bliain na Gaeilge agus is aoibhinn le cuairteoirí daoine a chloisteáil ag labhairt na teanga. Tá méid na ndaoine a thagann go hÉirinn gach bliain chun an teanga a fhoghlaim ag méadú in aghaidh na bliana. I mbliana beidh na mílte Éireannach ó Shasana, ó Mheiriceá agus ón Astráil ach go háirithe ag filleadh ar a bhfód dúchais don Tóstal agus is cinnte go mbainfidh siad sult as an gceol, as an bhfáilte, as an gcultúr agus as an gcraic le linn dóibh a bheith anseo. Agus as an mbia agus as an deoch freisin, ar ndóigh!
Ar an ábhar sin táim cinnte go n-aontaíonn chuile dhuine agaibh liom nuair a deirim ‘Is fiú go mór saoire a chaitheamh in Éirinn’. Go raibh míle maith agaibh, a chairde.
Gluais: ar chlár na cruinne – anywhere in the world; liosta le háireamh – liosta an-fhada; buanna – buntáistí; laghdaithe – imithe síos; timpeallacht – nádúr; lucht an fhreasúra – the opposition (sa díospóireacht); thar mholadh beirte – gan mhaith; beag beann – oblivious; oidhreacht – heritage; comhluadar – company; a bhfód dúchais – a dtír dhúchais; Tóstal – Gathering.
Páipéar 1 Ceapadóireacht 50 marc
Ceist 3
(iii)C / Díospóireacht/Óráid
Maidir leis an rún seo thíos, scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoilr ar son nó in aghaidh an rúin sin:
“Is í Éire an tír is fearr ar domhan.”
A chathaoirligh, a mholtóirí, a mhúinteoirí agus a chomhscoláirí táim glan in aghaidh an rúin sheafóidigh seo. Nach orm atá an t-ádh, a chairde, go bhfuilim in aghaidh an rúin! Nach orm atá an trua do lucht an fhreasúra atá ar son an rúin agus atá ag iarraidh an rud atá dochosanta a chosaint. Is jóc ceart é an rún seo, a chairde. Níl ciall ar bith leis. Caithfidh go bhfuil an duine a chum is a cheap glan as a mheabhair ar fad!
B’fhéidir go raibh sé fíor a rá gurbh í Éire an tír ab fhearr ar domhan daichead bliain ó shin. Chuir mé ceist ar mo sheanathair agus dúirt sé liom go raibh an saol go hiontach sna blianta 1969 – 1979 ach go raibh sé go dona ina dhiaidh sin. Deir mo dhaid liom go raibh an saol go deas in Éirinn ó 1993 – 2008 freisin. Is féidir liom féin a rá go cinnte go bhfuil an saol in Éirinn go huafásach ó 2008 ar aghaidh. “Is í Éire an tír is fearr ar domhan.” Bréag. “Is í Éire an tír is measa ar domhan.” Sin an fhírinne.
Inseoidh mé daoibh cén fáth. Sa bhliain 2008 thit an tóin as eacnamaíocht na tíre seo, a chairde. Thit an tóin as na bainc agus chuaigh cúrsaí na tíre chun olcais ar fad. Tháinig deireadh leis an Tíogar Ceilteach agus fuaireamar amach go rabhamar bancbhriste agus nach raibh ceint rua sa tír. Thosaigh cúlú eacnamaíochta, cúlú eacnamaíochta atá ag bailiú nirt ó shin i leith. Cúpla bliain ó shin ghabh an IMF seilbh ar thír na hÉireann. Chailleamar ár saoirse mar náisiún agus anois táimid faoi bhois chait ag an Aontas Eorpaigh.
Tuigeann sibh faoi mar atá cúrsaí. Cuireadh seifteanna déine i bhfeidhm agus muirear teaghlaigh ina dteannta. Tá suas is anuas le leathmhilliún duine dífhostaithe. Tá na mílte ag dul ar imirce gach bliain. Is beag dóchas atá fágtha. Táimíd go léir i ndeireadh na feide ar fad. Rún gan chiall atá againn anseo, a dhaoine uaisle. Ní hí Éire an tír is fearr ar domhan ach an tír is measa. Go raibh míle maith agaibh as éisteacht bhéasach a thabhairt dom.
Gluais: seifteanna déine – austerity measures; muirear teaghlaigh – household charge.