Alt samplach d’iris na scoile le podchraoladh

Alt samplach d’iris na scoile le podchraoladh

(i)A Alt

Iarradh ort alt a scríobh d’iris na scoile faoi dhaoine bochta sa tír seo faoi láthair. Scríobh an t-alt a chuirfeá chuig eagarthóir iris na scoile.

Ní tír shaibhir í Éire a thuilleadh. Ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta sa bhliain 2008 tá fadhb na bochtaineachta ag méadú sa tír seo. Tá a lán daoine a raibh postanna maithe acu agus a lán airgid le caitheamh acu dífhostaithe anois. Chaill siad a bpostanna agus bhí orthu dul i dtuilleamaí an chúnaimh dífhostaíochta. Tá daoine ann anois atá i dtuilleamaí na déirce a raibh saol maith acu sula dtáinig an cúlú eacnamaíochta aniar-aduaidh orthu.

Tá a lán daoine bochta sa tír seo anois. Tá thart ar 14.5% de dhaonra na tíre nó ceithre chéad is a caoga míle duine dífhostaithe. Is beag airgid atá ag na daoine seo. Tá cuid acu beo bocht ar fad, ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal gach seachtain. Níl aon airgead acu. Tá siad beo ar éigean agus tá saol crua acu. Cuireann na táillí móra cosúil leis an muirear teaghlaigh agus an táille uisce isteach go mór orthu. Bíonn cuid acu i bhfiacha agus ní bhíonn ar a gcumas a morgáistí a íoc ná a gcuid billí a ghlanadh ó sheachtain go seachtain is ó mhí go mí.

Chomh maith le son tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá i dtuilleamaí na déirce nó atá gan dídean sa tír seo. Gach lá feiceann tú daoine ag lorg déirce ar thaobh na sráide agus cuma na hainnise is na bochtaineachta orthu. Bíonn ar chuid mhór de na daoine seo dul a chodladh i bpóirsí agus faoi bhrat cairtchláir i rith na hoíche mar nach mbíonn ar a gcumas dul isteach i dteach lóistín nó i mbrú.

Bíonn a lán daoine bochta ag brath ar na cumainn charthanachta at nós Trócaire, An Cumann Naomh Uinsionn de Pól agus Barnardos chun teacht i gcabhair orthu. Bheadh trua an domhain agat do na daoine bochta seo, go háirithe do na páistí. Tá a lán seandaoine sa tír atá beo bocht freisin agus is beag cabhair a fhaigheann siad ón stát. Bíonn siad ina gcónaí leo féin agus iad uaigneach, aonarach agus iad ag brath ar chabhair ó na cumainn charthanachta agus óna gcomharsana.

Is fadhb mhór í fadhb na bochtaineachta sa tír seo i láthair na huaire agus ní dóigh liom go bhfuil réiteach na faidhbe ag éinne.

Gluais: i dtuilleamaí – depending on; cúnamh dífhostaíochta – social welfare/dole; aniar-aduaidh – take (them) unawares; ag maireachtaint – living; ar éigean – barely; muirear teaghlaigh – household charge; i bhfiacha – in debt; gan dídean – homeless; ag lorg déirce – begging; faoi bhrat cairtchláir – under cardboard covering; brú – hostel; cumann carthanachta – charitable organization.