Béaltriail Roghnach 2012

Béaltriail Roghnach 2012

Achar ama: 11/12 nóiméad

Marcanna: 160 marc

Tá ceithre chuid sa Scrúdú seo:

Cuid 1:

Fáiltiú – 1 nóiméad (10 marc)

  • Ainm, scrúduimhir, dáta breithe, rang.
Cuid 2:

Cur síos ar shraith pictiúr – 3 nóiméad (30 marc)

  • 5 sraith pictiúr
  • Roghnóidh an dalta sraith pictiúr amháin go randamach
  • Beidh 1 nóiméad ag an dalta chun staidéar a dhéanamh ar an tsraith pictiúr
  • Déanfaidh an dalta cur síos ar ábhar na sraithe sin
Cuid 3:

Rólghlacadh – 3 nóiméad (40 marc)

  • 8 cártaí san iomlán
  • 4 topaic (a) An Scoil
    • Caitheamh Aimsire
    • Laethanta saoire
    • Bia agus deoch
  • Beidh 2 cárta bunaithe ar gach ceann de na 4 topaic
  • Roghnóidh an dalta cárta amháin as na 8 cártaí
  • Beidh 1 nóiméad ag an dalta chun staidéar a dhéanamh ar an gcárta
  • Cuirfidh an dalta ceisteanna ar an scrúdaitheoir faoin gcárta
  • Beidh ról idirghníomhach ag an scrúdaitheoir sa chuid seo den scrúdú
  • 10 ceist ar fad a chuirfidh an dalta
Cuid 4:

Agallamh – 4/5 nóiméad (80 marc)

  • Sa chuid seo den scrúdú déanfaidh an scrúdaitheoir tástáil ar Ghaeilge labhartha an dalta trí cheisteanna a chur air/uirthi.
Agallamh Samplach

Cad is ainm duit?
_______________________ is ainm dom.
 
Cá bhfuil cónaí ort?
Tá cónaí orm i _______________________

Cén sórt ceantair é sin?

Is ceantar deas é. Tá sé suite leathmhíle lasmuigh den mbaile mór. Is sráidbhaile ciúin é. Tá cónaí orm i dteach feirme. Is seanteach mór é. Tá ceithre sheomra ann. Tá gairdín mór os comhair an tí ina bhfuil crainn agus bláthanna ag fás.

An bhfuil a lán áiseanna i do cheantar?

Níl an méid sin áiseanna ann, le bheith dáiríre. Tá dhá shiopa sa sráidbhaile, trí theach tábhairne, bialann amháin agus bunscoil. Bhí oifig an phoist ann go dtí tús na bliana seo ach dúnadh é an lá roimh Lá le Pádraig. Níl aon áiseanna spóirt ann ach tá ionad pobail mór ann.

Cén aois tú?

Táim _____________________ d’aois. Beidh mé sé bliana déag ar 1 Feabhra 2012.

Inis dom faoi do chlann.

Tá seachtar ar fad i mo chlann: mé féin, mo bheirt deartháireacha Colm agus Ian, mo dheirfiúr Aoife, mo mham agus mo dhaid agus mo mhamó. Tá mo mhamó seacht mbliana agus seachtó ach tá sí chomh folláin le breac fós.

An maith leat an scoil?

Uaireanta is maith liom an scoil, uaireanta eile ní bhím ró-cheanúil uirthi! Is aoibhinn liom an scoil Dé hAoine mar bím ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine. Ní bhíom ró-thógtha leis an scoil maidin Dé Luain, áfach! Nuair a dhúisím ceapaim go mbíonn tromluí agam! Tríd is tríd taitníonn an scoil liom ach b’fhearr liom a bheith sa bhaile nó ar mo laethanta saoire.

Cad iad na hábhair a ndéanann tú?

Déanaim ocht n-ábhar. Seo iad: Gaeilge, Béarla, Stair, Tíreolaíocht, Reiligiún, Oideachas Saoránach Soisialta Polaitiúil(CSPE),Mata, Eolaíocht.

Tíreolaíocht an t-ábhar is fear liom. Ábhar an-spéisiúil go deo atá ann agus tá an múinteoir tíreolaíochta ar fheabhas ar fad.

Cad iad na caithimh aimsire atá agat?

Tá a lán caitheamh aimsire agam. Is iad na cinn is fearr liom ná ___________, _________ agus _____________. Tá suim mhór agam sa cheol freisin. Chuaigh mé féin agus mo chara, Deirdre, go dtí ceolchoirm a bhí ar siúl san O2 an mhí seo caite. Bhí Jedward ag seinm. Bhí siad go hiontach ar fad!

An bhfuil suim agat sa spórt?

Is breá liom spórt. Is iad na spóirt is fearr liom ná __________, ___________ agus ____________. Beidh cluiche rugbaí ar siúl sa Staid Aviva an mhí seo chugainn agus tá sé i gceist agam a bheith ann.

Cad a dhéanfaidh tú an deireadh seachtaine seo chugainn?

Beidh mé ag féachaint ar an teilifís oíche Dé hAoine. Rachaidh mé ag siopadóireacht le mo mham maidin Dé Sathairn. Oíche Dé Sathairn rachaidh mé chuig cóisir le mo chairde. Tar éis an aifrinn ar an Domhnach tabharfaidh mé cuairt ar m’aintín. Caithfidh mé tráthnóna Dé Domhnaigh agus oíche Dé Domhnaigh ag staidéar.