An Bhéaltriail Roghnach
An maith leat an scoil?
Uaireanta is maith liom an scoil, uaireanta eile ní bhím ró-cheanúil uirthi! Is aoibhinn liom an scoil Dé hAoine mar bím ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine. Ní bhíom ró-thógtha leis an scoil maidin Dé Luain,áfach! Tríd is tríd taitníonn an scoil liom ach b’fhearr liom a bheith sa bhaile nó arm o laethanta saoire.
Cad iad na hábhair a ndéanann tú?
Déanaim ocht n-ábhar. Seo iad: Gaeilge, Béarla, Stair, Tíreolaíocht, Reiligiún, Oideachas Saoránach Soisialta Polaitiúil(CSPE),Mata, Eolaíocht. Tíreolaíocht an t-ábhar is fear. Ábhar an-spéisiúil go deo atá ann agus tá an múinteoir tíreolaíochta ar fheabhas ar fad.
Cad iad na caithimh aimsire atá agat?
Tá a lán caitheamh aimsire agam. Is iad na cinn is fearr liom ná ___________, _________ agus _____________. Is aoibhinn liom scannáin. Téim go dtí an phictiúrlann le mo chairde uair sa steachtain ar a laghad. Is é an scannán is fear liom ná Now is Good. Scannán faoi chúrsaí grá atá ann. Tá na príomhpháirteanna an nag Dakota Fanning agus Rose Leslie. Scannán an-rómánsúil agus an-bhrónach atá ann. Bhí gach éinne sa phictiúrlann ag caoineadh ag deireadh an scannáin!
An maith leat ceol?
Is aoibhinn liom ceol. Éistim le gach saghas ceoil. Is é an popcheol an ceol is fearr liom go go dtaitníonn rac-cheol agus ceol Gaelach liom freisin. An samhradh seo caite chuaigh mé fein agus mo chairde go dtí ceolchoirm de chuid Justin Bieber. Bhí sé san 02 i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar fheabhas ar fad agus bhaineamar taitneamh mór as an gceolchoirm sin.. Is iad One Direction an grúpa is fear liom. Ceapaim go bhfuil siad go hiontach. Táim ag tnúth go mór le iad a fheiceáil nuair a bheidh siad ag seinm i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.
An bhfuil suim agat sa spórt?
Is breá liom spórt. Is iad na spóirt is fearr liom ná __________, ___________ agus ____________. Beidh cluiche rugbaí ar siúl sa Staid Aviva an mhí seo chugainn agus tá sé i gceist agam a bheith ann. Bhí mé ag breathnú ar na Cluichí Oilimpeacha i Londain an samhradh seo caite. Bhí mé an-bhródúil go deo as Katie Taylor nuair a bhuaigh sí bonn óir sa dornálaíocht.
Conas a chaitheann tú na laethanta saoire de ghnáth?
De ghnáth tógaim sos agus ligim mo scíth. Cuidím le mo mháthair chun obair an tí a dhéanamh agus sa ghairdín chomh maith. An samhradh seo caite chuaigh mé féin agus mo chlann go dtí an Trá Mhór i bPort Láirge ar feadh coicíse. D’fhanamar i dteach lóistín cois na farraige. Chuamar go dtí an trá gach lá agus chuamar ag snámh san uisce. Bhí an chéad sheachtain maith go leor ach bhí an dara seachtain ag stealladh báistí ó dhubh go dubh.
Cad a dhéanfaidh tú an deireadh seachtaine seo chugainn?
Beidh mé ag féachaint ar an teilifís oíche Dé hAoine. Rachaidh mé ag siopadóireacht le mo mham maidin Dé Sathairn. Oíche Dé Sathairn rachaidh mé chuig cóisir le mo chairde. Caithfidh mé tráthnóna Dé Domhnaigh agus oíche Dé Domhnaigh ag staidéar.