
TEACHT ANIAR NA GAELTACHTA- SRAITH CAINTEANNA
Tionólfar sraith cainteanna dírithe ar chúrsaí Gaeltachta ar Zoom gach Déardaoin ag tosú ar an 28 Eanáir idir 7 agus a 8. Beidh trí mhórthéama ann: an Pholaitíocht, cúrsaí Éiceolaíochta agus cúrsaí reatha sa Ghaeltacht.
Tá painéal cainteoirí den scoth againn a bheas ag labhairt ar feadh 20 noiméad nó mar sin agus ba mhaith linn go mbeadh plé bríomhar ina dhiaidh sin. Tarlaíonn na cainteanna seo mar chuid d’obair Theacht Aniar le plé faoin nGaeltacht a spreagadh lastigh agus lasmuigh de na Gaeltachtaí.
Bigí páirteach agus tá muid cinnte go mbainfidh sibh an-sult astu!