Tacaíochtaí oideachais do pháistí a thagann as an Úcráin

Fáilte ar ais tar éis laethanta saoire na Cásca.  Tuigtear d’fhoireann COGG go bhfuil páistí ón Úcráin i roinnt scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna áirithe chomh maith. D’eisigh an Roinn Oideachais treoir le haghaidh scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna/ gaelcholáistí inné maidir le cur isteach ar uaireanta tacaíochta teanga do na daltaí/ scoláirí seo.

Is mian linn tacú leis na scoileanna ina bhfuil páistí/scoláirí faoi láthair agus leis na scoileanna a bheidh ag cur fáilte roimh dhaltaí/scoláirí ón Úcráin agus tá roinnt acmhainní forbartha againn a bheidh úsáideach do scoileanna.

Tá Padlet anseo á roinnt againn libh ina bhfuil:

Tacaíochtaí oideachais do pháistí a thagann as an Úcráin.  San áireamh sa Padlet tá mataí teanga Úcráinise/Gaeilge agus Ruisis/ Gaeilge a forbraíodh i gcomhair leis an Post Primary Languages Initiative (PPLI). Chomh maith leis sin, beidh póstaeir éagsúla a forbraíodh i gcomhar le Glór na nGael ar fáil mar PDF ar an bPadlet go luath agus beifear in ann iad a íoslódáil agus a chló.  Tá sé i gceist an Padlet seo a fhorbairt de réir a chéile ag cur mianta agus riachtanais na scoileanna san áireamh.

Beidh cruachóipeanna de na póstaeir seo ar fáil chomh maith ach teagmháil a dhéanamh le hoifig COGG.

Má tá aon mholtaí/ éilimh ar leith maidir le háiseanna a bheadh úsáideach do scoileanna déan teagmháil linn agus déanfar gach iarracht freastal ar na riachtanais sin.

Beimid ag súil le scéal/ moltaí uaibh agus beimid ag súil le bualadh libh ag an Tionól Forbartha an tseachtain seo chugainn i gCorcaigh.