Tá MS DreamSpace TV as Gaeilge anseo!

Tá DreamSpace TV as Gaeilge anseo chun daltaí bunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus daltaí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a thabhairt ar thuras foghlama STEAM, ar scoil nó sa bhaile, atá dírithe ar ríomh-smaoineamh, cruthaíocht agus fadhbréiteach.

Bí le Niamh ó Microsoft DreamSpace agus le Frank ó COGG chun foghlaim faoi rudaí iontacha agus chun tabhairt faoi dúshláin spraíúla, ó do chluiche boird fein a dhearadh agus a chruthú go dtí do chluiche reitro siamsaíochta féin ag baint úsáid as MakeCode Arcade ó Microsoft.

Ar fáil anseo: https://www.rte.ie/learn/dream-space-tv-as-gaeilge/

COMÓRTAS

Chun céiliúradh a dhéanamh ar sraith MS DreamSpace TV as Gaeilge tá comórtas a reachtáil idir COGG agus MS Dreamspace.

Chun iontráil ní gá ach féachaint ar na eipeasóid (atá ar fáil anseo), líon isteach na sonraí agus roinn nasc chuig do chluiche ar MakeCode Arcade.

DUAISEANNA: Is féidir deontas suas go dtí 500 euro a bhuachaint chun úsáid le haghaidh bus a fháil ar chíos chun turas a thabhairt ar an MS DreamSpace ag ceanncheathrú Microsoft i mBÁC. Tá duais amháin bunscoile agus duais amháin iar-bhunscoile. Ar an lá beidh ceardlann á reáchtáil ina bhfoghlaimeodh do rang faoi códáil, scileanna fadhb réiteacha agus níos mó.

Má tá ceist ar bith agat faoin gcomórtas seol ríomhphost chuig frank@cogg.ie

Dáta Deiridh le hiontráil a dhéanamh: Dé hAoine 8 Aibreán 

Cliceáil anseo chun cur isteach ar an gcomótas.

Cé dó na ceachtanna seo?

Tá na ceachtanna seo deartha do pháistí sna hardranganna i mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus do daltaí na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Conas is féidir linn páirt a ghlacadh?

Seo an chuid éasca de. Logáil isteach chuig rte.ie/learn áit a bhfeicfidh tú na hacmhainní ar fad atá riachtanach sa tsraith seo de DreamSpace TV agus an clár féin sa áireamh, agus tá eolas tábhachtach agus bileog oibre ranga ann chun cabhrú leis na gníomhaíochtaí.

Seo briseadh síos ar cad atá le teacht thar an gcéad trí seachtain eile le DreamSpace TV…
Eipeasóid a hAon: Bí le Niamh agus Frank chun an dúshlán cluiche boird a phleanáil, a chruthú agus a hathbhreithniú.

Eipeasóid a Dó: Foghlaim conas do chluiche reitreo siamsaíochta féin a chruthú le himreoir, namhaid agus sprid bhia.

Eipeasóid a Trí: Tóg do chluiche reitreo siamsaíochta chuig an gcéad leibhéal eile tríd an dara leibhéal agus constaic níos casta a thabhairt isteach.